Bíonn Bord Forbartha Chontae Chill Chainnigh (BFC) dírithe ar sheachadadh seirbhísí comhordaithe agus comhtháite sa chontae ar bhonn leanúnach. Tagann na 30 ball ar an mBord ón Earnáil Údaráis Áitiúil, ón Earnáil Forbartha Áitiúil, ón Earnáil Ghníomhaireachta Stáit agus ó na Páirtithe Sóisialta. Tá an BFC atheagraithe i ndiaidh na dToghchán Áitiúla i mí an Mheithimh 2004 agus tá an bhallraíocht leagtha amach thíos:
Táthar tar éis bearta a thabhairt isteach ar bhonn Náisiúnta i gcaitheamh na bliana 2004. Tá an bord meáite ar thús áite a thabhairt don aos óg mar spriocghrúpa i bplean comhtháite agus d’éirigh leis an mbord freisin airgeadú a fháil le haghaidh obair forbartha sa taobh ó dheas den chontae. Is ar mhaithe le comhtháthú, le comhordú agus le dlús breise maidir le seachadadh seirbhíse a tugadh isteach na bearta sin.
Is trí cheithre foghrúpa de chuid an Bord Forbartha Contae a chuirfear i bhfeidhm gníomhartha. Is iadsan Foghrúpa Bearta Cuimsitheachta Sóisialta, foghrúpa Dea-bhail Saoránaigh agus Pobail, Foghrúpa Oiliúna agus Oideachais, agus Foghrúpa Giniúna Maoine agus Ioncaim. Tá na grúpaí sin gníomhach ag tabhairt na gníomhartha sa straitéis céim ar aghaidh.
Is í an Rannóg Fiontair agus Pobail i gComhairle Contae Chill Chainnigh a thugann seirbhís don Bhord Forbartha Contae.
BORD FORBARTHA CHONTAE CHILL CHAINNIGH 2004-2005
| Údarás Áitiúil | |
|---|---|
| Cathaoirligh CPS | An Comhairleoir Bobby Aylward An Comhairleoir. Mary H.Cavanagh, Cathaoirleach Co.Co. An Comhairleoir Michael Lanigan, An Comhairleoir Catherine Connery, An Comhairleoir Ann Phelan, Cllr. Pat Dunphy |
| Bardas | An Comhairleoir Sean Ó hArgáin |
| Bainisteoir Contae | Michael Malone |
| FORBAIRT ÁITIÚIL | |
|---|---|
| Forbairt Tuaithe an Bhearú an Fheoir agus an tSiúir (LEADER) |
Declan Rice Joan Fitzpatrick |
| Bord Fiontraíochta an Chontae | Sean McKeown, Yvonne Moriarty |
| Líonra Ghnímh Phobail Chill Chainnigh (LGPCC) |
Martin Rafter |
| Forbairt Phobal Dúiche Chaisleán an Chomair. |
Martin Carroll |
| Coiste Cúram Páiste an Chontae | Eileen Curtis |
| GNÍOMHAIREACHTAÍ STÁIT | |
|---|---|
| Bord Sláinte an Oir-Dheiscirt. | Tony Whelan |
| FAS | Des Shanley |
| Fiontraíocht Éireann | Michael Dee |
| G.F.T. na Éireann | Celine McHugh |
| Coiste Gairm Oideachais | Rodger Curran |
| Cumann Turasóireachta an Oir-Dheiscirt. | Pat Nolan |
| Teagasc | Loreto O'Driscoll |
| An RoinnSóisialacha agus Teaghlaigh | Michael Cummins |
| Reg. Oifigeach Oideachais |
Ronan Mulhall |
| GNÍOMHAIREACHTAÍ STÁIT | |
|---|---|
| Ceardchumainn Gnó agus na Fostuithe |
David Culliton |
| Earnáil na Feirmeoireachta | Seamus Phelan |
| Pobal agus Deonach |
Bill Carroll Fr. Nicholas Flavin |
An dúshlán is mó atá os comhair an bhoird athbhreithniú a dhéanamh ar an straitéis 10 mbliana atá leagtha amach dóibh ag an Rannóg.
