Kilkenny County Council & Kilkenny Borough Council

In English

SEIRBHÍSÍ SLÁINTÍOCHTA

FAIREACHÁN UISCE TUAITHE:

Tá Comhairle Contae Chill Chainnigh freagrach as riarachán líon áirithe de scéimeanna deontais agus fordheontais a bhfuil sé d’aidhm acu an earnáil Ghrúpscéim Uisce agus Séireachais a acmhainniú; de bhreis air sin tá an soláthar uisce á airgeadú ag úinéirí tithe aonaracha as a gcuid acmhainní féin.

1. Deontais le haghaidh Tobar Príobháideacha

2. Fordheontais Ghrúpscéimeanna Uisce

3. Deontais Nua Grúpscéime nó Deontais Fheabhsúcháin

CLÁR NA SCÉIMEANNA BEAGA

Is é atá i gceist le scéimeanna beaga scéimeanna a mheastar a chosnódh níos lú ná €317,435. Faightear deontas de 75% ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus íocann an Chomhairle an iarmhéid as a cuid acmhainní féin. €1,132,400 méid iomlán an airgid a bhí le fáil i 2004. Ar na scéimeanna is tábhachtaí ar tugadh fúthu i rith na bliana bhí:

SCÉIMEANNA UISCE AGUS SÉARACHAIS

Cur Síos ar Scéimeanna Soláthar Uisce

Cur Síos ar Scéimeanna Séireachais

SCÉIMEANNA CAIPITIL

Suiteáil príomhsholáthar nua uisce 500mm ag Bóthar Thobair Eoin, Cill Chainnigh
Suiteáil príomhsholáthar nua uisce 500mm ag Bóthar Thobair Eoin, Cill Chainnigh

Scéim Séarachais Chill Mhic Bhúith

Tá an cúram maidir le earcú Innealtóir Comhairlithe aontaithe leis an Roinn Comshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. Tá Innealtóir Comhairlithe/Ionadaí Cliant ainmnithe don phost.

Gabhráin/An Droichead Nua/Baile Phóil

Tá Comhairleoirí i mbun obair dhearaidh faoi láthair chun an scéim a uasghrádú.

Tionscadal Caomhnú Uisce

Tá fógra maidir le hearcú Innealtóir Comhairliúcháin a ullmhóidh Tuairisc Céim Staidéir curtha san O.J.E.C. Beidh agallaimh chun duine a ainmniú do phost an Chomhairleora ar siúl i Mí Márta 2005. Tháinig ísliú ar an meánmhéid uisce nach raibh tuairisc faoi i gCill Chainnigh agus sa cheantar máguaird ó 41.22% i 2001 go 34.25% i 2004.

Scéim Soláthar Uisce Dhroichead Binéid

Tá fógra maidir le hearcú Innealtóir Comhairliúcháin a ullmhóidh Réamhthuairisc curtha san O.J.E.C. Beidh agallaimh chun duine a ainmniú do phost an Chomhairleora ar siúl i Mí Márta 2005.

Scéim Soláthar Uisce Choill an Treoigh

Ag teacht lena bhfuil geallta againn don E.U. Committee on Petitions, rinneamar feabhsúchán ar bhonn leanúnach ar dháileoga ábhair cheimicigh, ar stiúradh próisis, ar córais ionstramaíochta agus teileméadrachta ag Planda Cóiriú uisce Choill an Treoigh, agus is maith linn a rá go bhfuil rath ar na hiarrachtaí a rinneamar. Comhairleoir ainmnithe le tuairisc a ullmhú maidir le uasghrádú ar sholáthar uisce do Chathair Chill Chainnigh agus don Cheantar Máguaird.

Planda Chóiriú Fuíoll Uisce Chill Chainnigh

De bharr méadú ar an ualach bíonn an planda ag feidhmiú go buan ag an ráta atá ceaptha dó nó gar dó sin. Tá an planda ceaptha bheith uasghrádaithe faoin gClár Infheistíochta Seirbhísí Uisce 2004-2006 .i. an clár reatha.

TIONSCNAMH MAIDIR LE TALAMH LE SEIRBHÍSÍ

Is i 1997 a tugadh isteach an Tionscnamh maidir le Talamh le Seirbhísí a raibh sé d’aidhm aige dlús a chur le soláthar talún le seirbhísí le haghaidh cónaithe, an soláthar tithíochta a fheabhsú agus an brú ar phraghais tithe a laghdú. Cuirtear airgead ar fáil ón Státchiste ar ráta 40% de chostas faofa na hoibre. ĺocann na hÚdaráis Áitiúla an iarmhéid as a gcuid acmhainní féin, go príomha trí thobhaigh forbartha.

Obair Thógála ar umar nua S.B.R. ag Planda Chóiriú Séarachas Challainn.
Obair Thógála ar umar nua S.B.R. ag Planda Chóiriú Séarachas Challainn.

Planda Cóiriú Fuíoll Uisce Bhéal Átha Ragad

Obair ar phlanda nua le freastal ar dhaonra de 2000 p.e. tugtha chun críche.

Planda Cóiriú Fuíoll Uisce Challainn

Bhí an obair uasghrádaithe críochnaithe den chuid is mó i 2004, tá an planda ceaptha bheith coimisiúnaithe i lár 2005

Maidir Linn | Mapa an tSuímh | Polasaí maidir le Príobháid | Déan Teagmháil Linn | ©2005 Kilkenny County Council