BARDAS BUIRGE CHILL CHAINNIGH

BALLRAÍOCHT SA MBARDAS BUIRGE

Tá dhá bhall déag ar an mBardas Buirge, iad tofa le haghaidh téarma cúig bliana .
Toghadh an Bardas Buirge atá ann faoi láthair i mí an Mheithimh 2004 agus seo mar a leanas na daoine a bhí ina mbaill an 31 Nollaig 2004:

An Chomhairleoir Martin Brett
Méara:

An Chomhairleoir Martin Brett (Fine Gael)
Derdimus, Tennypark, Cill Chainnigh


An Chomhairleoir Malcolm Noonan
Leasmhéara:

An Chomhairleoir Malcolm Noonan (Páirtí Glas)
35 Cearnóg an Athar Uí Mhurcú, Cill Chainnigh

 

COUNCILLORS

An Chomhairleoir Andrew McGuinness

An Chomhairleoir Andrew McGuinness (Fianna Fáil)
Brooklawn, Bóthar Bhaile an Phoill. Cill Chainnigh


An Chomhairleoir John Coonan

An Chomhairleoir John Coonan (Fianna Fáil)
17, Willow Close, Cill Chainnigh


An ChomhairleoirJoe Cody

An ChomhairleoirJoe Cody (Páirtí an Lucht Oibre)
11 Noremount, Cill Chainnigh


An Chomhairleoir Michael Lanigan

An Chomhairleoir Michael Lanigan (Fianna Fáil)
12, Greenfields, Cill Chainnigh


An Chomhairleoir Paul Cuddihy

An Chomhairleoir Paul Cuddihy (Fine Gael)
Bóthar Granges, Cill Chainnigh


An Chomhairleoir Betty Manning

An Chomhairleoir Betty Manning (Fine Gael)
Bóthar an Chaisleáin, Cill Chainnigh


An Chomhairleoir Pat Crotty

An Chomhairleoir Pat Crotty (Fine Gael)
14, Bóthar Darach, Dukesmeadows, Cill Chainnigh


An Chomhairleoir Joe Reidy

An Chomhairleoir Joe Reidy (Fianna Fáil)
Teach Parlaiminte, Sráid Parlaiminte Cill Chainnigh


An Chomhairleoir Sean Ó hArgáin

An Chomhairleoir Sean Ó hArgáin (Páirtí an Lucht Oibre)
14 Cearnóg na Coláiste, Bóthar na Coláiste, Cill Chainnigh


An Chomhairleoir Marie Fitzpatrick

An Chomhairleoir Marie Fitzpatrick (Páirtí an Lucht Oibre)
64, Plás an Easpaig Birch, Cill Chainnigh


Riarachán:

Bá é €51.35 Ráta na Cathrach don bhliain 2004

Ról an Bhardais Bhuirge

Is é ról atá ag Bardas Buirge Chill Chainnigh seirbhísí áitiúil a riar in éindí leis an mBuirg. Cuimsíonn na dualgais bonneagar, pobal agus seirbhísí sóisialta agus cur chun cinn Chill Chainnigh mar lárionad tábhachtach turasóireachta.

Tá ról tábhachtach ag an mBardas Buirge maidir le caomhnú oidhreacht Chill Chainnigh ón meánaois agus maidir le cur chun cinn Cill Chainnigh mar lárionad tábhachtach turasóireachta.
Cuireann Iontaobhas Cathartha Chill Chainnigh le hobair an Bhardais Bhuirge sna réimsí sin.

PRÓIFÍL NA CATHRACH

Cairt Ríoga Séamas 1 sa bhliain 1609 a thug do Chill Chainnigh a bhunreacht mar Chathair. Tá an Sabhran agus Comhairle an Dáréag imithe le fada agus ina n-áit tá Méara agus Comhairleoirí.

373.5 heicteár (923 acra) achar na Cathrach agus meastar daonra de 8,500 a bheith aici. Daonra de thimpeall agus 21,000 atá sa mBuirg agus sa Cheantar Máguaird. Tá carachtar meánaoiseach na cathrach coinnithe go maith go sonrach trí chaomhnú foirgneamh stairiúil cosúil le Caisleán Chill Chainnigh, Eaglais Naomh Canice, Teach Rothe agus Teach Deirce Shee.

ROINNT GNÍOMHAÍOCHTAÍ EILE

Tá Linn Snámha James Stephens i Sráid Mhichíl faoi chúram an Bhardais Bhuirge agus faoi láthar tá sé beartaithe ag an mBardas áis nua-aimseartha a thógáil ag Páirc Scanlan.

Tugann an Bardas Buirge faoi sheirbhís leathan garraíodóireachta don Chathair gach bliain agus maisíonn timpealláin agus sráideanna le taispeántais bhláthanna; cúis amháin é sin go n-éiríonn chomh maith le Cill Chainnigh i gComórtas bliantúil na mBailte Slachtmhara.

Is é Bardas Buirge a chuireann Amharclann Watergate ar fáil do Chill Chainnigh. B’shin an dara hamharclann Cathrach sa tír tráth ar osclaíodh é i 1993 agus an chéad cheann ar chuir údarás áitiúil ar fáil le tamall maith de bhlianta.

Tá Cathair Chill Chainnigh ar na húdaráis áitiúla le limistéar tacsiméadair agus faoi láthair tugann sí ceadúnais do níos mó ná 100 tacsaí chomh maith le bheith freagrach as struchtúr maidir le táillí a leagan síos don limistéar.

Oibreacha Cóiriú Uisce  Bhaile Rád
Oibreacha Cóiriú Uisce Bhaile Rád

TÁSCAIRÍ FEIDHMÍOCHT PHLEANÁLA

PLEANÁIL

Pleanáil ar Aghaidh

I 2004 Chuir an tÚdarás Pleanála tús le próiseas maidir le hullmhúchán Plean Limistéir Áitiúil do Lár Chathair Chill Chainnigh, Ullmhaíodh mionteagasc ina raibh aidhmeanna agus cuspóirí an Phlean leagtha amach .i. plean maidir le forbairt lár na cathrach don am atá le teacht. Chuathas sa tóir ar thairiscintí ó chomhairleoirí agus iarradh orthu tograí a chur isteach chun plean a ullmhú. Rinneadh gearrliosta de na tairiscintí agus na daoine a raibh rath ar a gcuid iarratas cuireadh faoi agallamh iad. I mí na Nollag 2004 ainmníodh Comhairleoirí Pleanála Tiros Resources Ltd. in éindí le O’Mahony Pike Architects agus WSP Ireland (Engineers) chun Plean Limistéir Áitiúil a ullmhú do Lár Chathair Chill Chainnigh. Tá sé i gceist go gcuirfear an Plean os comhair na mBall Tofa i samhradh na bliana 2005.

Rinneadh athbhreithniú ar Straitéis Mhiondíol Chill Chainnigh agus ar na paraiméadair a théann i gcion ar Straitéis Tithíochta i 2004. Is straitéisí a bhaineann le hiomlán an chontae is a théann i gcion ar Bhardas Buirge agus ar Chomhairle Contae araon an Straitéis Mhiondíol agus an Straitéis Tithíochta.

Stiúradh Forbartha

Líon na n-iarratas a fuarthas i 2004: 143

Líon na n-iarratas a cinntíodh: 116

Líon na n-iarratas ar glacadh leo: 111 (96% de na hiarratais)

Diúltaithe: 5 (4% de na hiarratais)

COMHSHAOL

I 2004 thosaigh Bardas Buirge Chill Chainnigh ag cur i bhfeidhm córas nua bailiúcháin cois bhóthair, córas a ndéantar deighilt idir ábhar tirim in-athchúrsála agus gnáthdhramhaíl. Tá deireadh curtha anois ag bardas Buirge Chill Chainnigh leis an seanchóras a ndéantaí bailiúchán ar an dramhaíl uile ar mhuirear caighdeánach. Tá málaí nua so-aitheanta ar fáil anois sna siopaí áitiúla agus íocann custaiméirí de réir meáchain. Is le haghaidh gnáthdhramhaíola na málaí buí (€5 an mála) agus is le haghaidh ábhar tirim inathchúrsála na málaí uaithne (€1.50 an mála), agus déantar an bailiúchán gach dara seachtain i gcás ceachtar den dá chineál. Bhí rath ar an tseirbhís nua toisc go bhfuil daoine anois in ann costais tís a laghdú trí rudaí a athchúrsáil agus cabhrú le Cill Chainnigh le nach ndéanfaí dochar don timpeallacht. Tá an córas ag teacht freisin le straitéisí Bainistíochta Dramhaíola Náisiúnta agus cinn an Oir-Dheiscirt.

Seanchóras ina ndéantaí bailiúchán ar an dramhaíl uile ar mhuirear caighdeánach
Córas nua íoc de réir meáchain ina ndéantar deighilt idir ábhar tirim in-athchúrsála agus gnáthdhrámhaíl.
Seanchóras ina ndéantaí bailiúchán ar an dramhaíl uile ar mhuirear caighdeánach Córas nua íoc de réir meáchain ina ndéantar deighilt idir ábhar tirim in-athchúrsála agus gnáthdhrámhaíl.

RapidRoghnaíodh Cill Chainnigh mar cheann d’Fhiche baile ar fud na tíre a dtabharfar tosaíocht dóibh maidir le maoirseacht faoi Shraith II den chlár RAPID.Tá foireann Fhorfheidhmithe Limistéir Áitiúil curtha ar bun sa chathair agus rinneadh athbhreithniú uirthi i mí an Mheithimh 2004. I gcomhchomhairle leis na Rannóga ábhartha atá freagrach as cláir éagsúla, m.sh. sláinte, comhshaol, oideachas etc., agus le tacaíocht ó ADM Teo., tá pleananna ullmhaithe a aithníonn agus a thugann tosaíocht do shaincheisteanna agus do ghníomhartha sonracha.

Áirítear ar infheistíochta nua cuntais Neamhghníomhacha, oibreacha feabhsúchán eastáit, Soláthar Áit Súgartha Cathrach, Deontas Caipitil Spóirt, Infheistíocht Nua faoin gClár Comhionannais Deise i ndáil le Cúraim Pháiste, tograí Caipitil Bhord Sláinte, áiseanna Spóirt, Oifigeach Caidrimh Tithíochta. Ag am scríofa an doiciméid seo tá glactha le trí thionscadal is fiche ar tugadh tosaíochta dóibh agus ar chuir Foireann Fhorfheidhmithe Limistéir (FFL) RAPID a stampa orthu. Baineann na tionscadail sin le réimsí mar dheontais phobail, Cúram Páiste, Oideachas agus forbairt Pobail.

Tá eolas breise ar ghníomhaíochtaí faoin gclár ar fáil ar shuíomh idirlín Chomhairle Contae Chill Chainnigh nó ag www.rapidkilkenny.ie.

TITHÍOCHT/INNEALTÓIREACHT TITHÍOCHTA - 2004

TÁSCAIRÍ FEIDHMITHE TITHÍOCHTA

CLÁR TÓGÁLA/FÁLA TITHÍOCHTA 2004

 

Scéim Obair Fheabhais Pháirc Ossory
Oibreacha Inmheánacha Críochnaithe Uimhir 29, 30, 31, 54, 55 agus 60
Oibreacha Inmheánacha Críochnaithe agus Oibreacha Seachtracha Leathchríochnaithe: Uimhir 27 agus 28
Oibreacha deartha agus praghsáilte: Uimhir 3, 10, 18 agus 25 – tosnófar ar an obair seo go gairid

Tá an dlaoi mhullaigh á cur faoi láthair ar phleananna chun an suíomh a chur chun cinn ina iomláine. Pléadh an obair seo le baill de Ghrúpa Oibre Pháirc Ossory (ar a bhfuil baill de Choiste Cónaitheoirí Pháirc Ossory agus de Bhardas Buirge Chill Chainnigh agus Oifigeach Caidreamh Pháirc Ossory ag dhéanamh freastal orthu) thar na míonna is déanaí.

Oibreacha Fheabhais Pháirc Ossory
Oibreacha Fheabhais Pháirc Ossory

IOMPAR AGUS FORBAIRT BHÓTHAIR

I rith na bliana 2004 lean Bardas Buirge Chill Chainnigh le Clár Oibreacha Bóthair dá chuid – Tá cur síos gearr faoi gach tionscadal anseo thíos.

SRÁID STIOFÁIN

Bhí dromchla an bhóthair seo a bhfuil crainn ar gach thaobh de imithe i léig thar na blianta. Neartaíodh an bóthar trí bhíthin mogaill théagartha treisithe agus cuireadh craiceann asfalt meastaic cloiche anuas air sin.

HORSELEAP

Craiceáladh an chuid seo den bhóthar agus cuireadh ina luí arís agus ansin cuireadh dromchla nua air. Tógadh cosán nua in aice na steips chun an bealach a dhéanamh níos sábháilte do choisithe agus do dhaoine i gcathaoireacha rothair.

CÉIDE RIVERSIDE

Cuireadh dromchla nua ar feadh 130 méadar den bhóthar seo a théann isteach go dtí an eastát tithíochta seo atá ann le tamall sách fada anois. Táthar ag súil leis go mbeidh dromchla nua curtha ar an gcuid eile den eastát sa chlár Oibreacha Bóthair 2005.

LÁNA AN TSÉIPÉIL

Bhí drochbhail amach is amach ar an lána seo sula ndeachthas i mbun obair fheabhsúcháin. Tá sé i gceist go gcuirfear líonraí ESB agus Eircom faoi thalamh; cuireadh an lána faoi phábháil castlestone chun áilleacht an cheantair a fheabhsú.

BUTTERSLIP

Leagadh síos leaca cloch aoil ar an mbealach coisithe aitheanta seo a nascann an tSráid Ard agus Sráid Chiaráin rud a d’fheabhsaigh go mór é don té a bheadh ag siúl air.
Oibreacha Feabhsúcháin Butterslip
Oibreacha Feabhsúcháin Butterslip

ARDÁN CORCORAN, ARDÁN HALTIGAN, CNOC BROGUEMAKER

Cuireadh dromchla nua ar na bóithre sna trí eastáit sin mar chuid de chlár oibreacha bóthair 2004.

LÁNA COLLIERS

Feabhsaíodh an lána seo le pábháil castlestone, baineadh amach seanfheadán luaidhe, rinneadh soláthar do cháblaí ESB agus Eircom le hiad a chur faoi thalamh, séaraigh a raibh fadhbanna ag baint leo baineadh amach iad agus cuireadh cinn nua ina n-áit; rachaidh na feabhsúcháin a rinne na hoibreacha ar lána a ndearnadh faillí air cheana go mór chun tairbhe daoine áitiúla agus turasóirí.
Scéim Feabhsúchán Lána Colliers
Scéim Feabhsúchán Lána Colliers

RAMPANNA LUAIS – TROYSLANE, PLÁS DEASTÓGÁLA, SRÁID MHICHÍL

Tar éis dul i gcomhairle le daoine a raibh cónaí orthu san áit suiteáladh rampaí luais ag na láithreacha luaite thuas, rud a cur le sábháilteacht na háiteanna sin maidir le páistí áitiúla agus a chuir bac ar lucht na gcarranna maidir le bheith ag tiomáint róthapa.