FORBAIRT BHÓTHAIR AGUS IOMPAR

FAD BÓITHRE AN 31 NOLLAIG 2004

  Ciliméadair Mílte
Príomhbhóthair Náisiúnta
147.8 91.9
Bóithre Náisiúnta den Dara Grád 68.3 42.4
Réigiúnach 315.9 196.3
Bóithre Áitiúla 2,532.2 1,573.5
Iomlán 3,064.2 1,904.0

 

Dearadh Bóthair/Tógáil/Feabhsúchán/Obair Chothabhála

Ba é €29,961,351 an caiteachas iomlán ar bhóithre an chontae. Chuir an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil €10,922m ar fáil agus chuir an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta €15.34m ar fáil le haghaidh Bóithre Náisiúnta. Chuir an Chomhairle €2.33m ar fáil óna gcuid acmhainní féin.

I measc na scéimeanna tábhachtacha a tugadh fúthu bhí:

TÁILLÍ FORBARTHA

Tar éis glacadh le Scéim Ranníocaíochta maidir le Forbairt i 2003 cuireadh €800,000 ar fáil do bhóithre ón scéim sin agus caitheadh an t-airgead sin ar obair fheabhsúcháin ar bhóithre réigiúnacha agus áitiúla i 2004.

TIONCHAR SCÉIM OIBREACHA BÓTHAIR AR AN BPOBAL

2004 STAITISTICÍ  
Líon na mbóithre deisithe 19
Fad iomlán na mbóithre deisithe 11.056
Líon na dtionóntaí a bhain leas as 62
Caiteachas Iomlán €595,399

SCÉIMEANNA FEABHSÚCHÁIN ÁITIÚLA

Is do bhóithre neamhphoiblí atá ag freastail ar dhá cheann nó níos mó de ghabháltais talmhaíochta a dhéanann an scéim seo tagairt. 10% de chostas an obair fheabhsúcháin a theastaíonn mar ranníocaíocht agus tá an t-iarmhéid le híoc as an deontas Scéim Fheabhsúcháin Áitiúil ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.

2004 STAITISTICÍ  
Líon na mbóithre deisithe
7
Fad iomlán na mbóithre deisithe 2.088
Líon iomlán na dtairbhithe 36
Caiteachas Iomlán €165,804
Iomlán na ranníocaíochtaí áitiúla €20,807

 

SOILSE POIBLÍ

Tá 6,000 soilse á choimeád ag Comhairle Contae Chill Chainnigh.

Ia é €579,000 costas leictreachais/obair chothabhála/uasghrádaithe.

I 1996 rinneadh cinneadh na soilsí poiblí uile sa chontae a uasghrádú ó shoilsí mearcair go soilsí sóidiam agus rinneadh conradh leis an mBord Soláthar Leictreachais chun an uasghrádú sin a dhéanamh agus soilse líonadh isteach a sholáthar; beidh an t-uasghrádú sin maoinithe thar tréimhse 5 bliana. Tugadh na hoibreacha chun críche i mí na Bealtaine 2000. D’aontaigh Comhairle Contae Chill Chainnigh faoi clár ceithre bliana maidir le soilsí poiblí i 2004.

TÁSCAIRÍ SEIRBHÍSÍ BÓITHRE

Cuid den Scéim feabhsúcháin i Sráidbhaile Mhuileann an Bhata.
Cuid den Scéim feabhsúcháin i Sráidbhaile Mhuileann an Bhata.

Bóthar Thobair Eoin le linn obair thógála. Seod é an timpeallán is mó i gCathair Chill Chainnigh.
Bóthar Thobair Eoin le linn obair thógála. Seod é an timpeallán is mó i gCathair Chill Chainnigh.

Griangraf de M. Malone Bainisteoir Contae, R. Aylward (Cathaoirleach) and M. Mullally (Rúnaí Contae) ag cur shéala an Chontae ar Dhoiciméad OCE M8/N8.
Griangraf de M. Malone Bainisteoir Contae, R. Aylward (Cathaoirleach) and M. Mullally (Rúnaí Contae) ag cur shéala an Chontae ar Dhoiciméad OCE M8/N8.

Michael Malone; Billy Mernagh; Mary Hilda Cavanagh (Cathaoirleach); John McCormack; Anne Delaney OCEanna Bóthair Nua.
Michael Malone; Billy Mernagh; Mary Hilda Cavanagh (Cathaoirleach); John McCormack; Anne Delaney OCEanna Bóthair Nua.

STAITISTICÍ MÓTARCHÁNACH 2004

Méid Bailithe 14,622,056
Líon na bhFeithiclí ar ĺocadh Mótarcháin orthu 41,243
Ceadúnais Tiomána 12,368
Ceadúnais Leantóra 62
Teastas Inaistir 4,152
Dioscaí Bliantúla Eisithe 27,621
Dioscaí Leathbhliantúla Eisithe 12,174
Dioscaí Ráithe Eisithe 30,140

Táscairí Seirbhís Mhótarchánach 2004

Céatadán d’iarratais ar Mhótarcháin:

a ndéileáiltear leo thar an gcuntar
75%
a ndéileáiltear leo tríd an bpost 25%
a ndéileáiltear leo ar bhealaí eile (m.sh. ar líne, ar an teileafón)  -

Céatadán d’iarratais phoist a ndéileáiltear leo (.i. ar eisíodh diosca ina leith) liostáilte de réir am fhála an iarratais.


Percentage Number
ar an lá céanna
78.5% 16,311
an tríú lá ina dhiaidh nó níos luaithe 18.0% 3,749
an cúigiú lá ina dhiaidh nó níos luaithe 3.1% 616
thar tréimhse cúig lá .5% 97
Uaireanta oscailte: 9.30 r.n go 4.00 i.n.
Luan go hAoine(áirítear oscailt ag am lóin)
  32.5 hours

 

SÁBHÁILTEACHT BHÓTHAIR:

Chuir Comhairle Contae Chill Chainnigh críoch le 9 Scéim Obair Fheabhais ar Chostas ĺseal i 2004. Chosain na scéimeanna sin €169,250 san iomlán – 4 cinn acu a bhain le Bóithre Náisiúnta bhíodar maoinithe ag an Údarás um Bóithre Náisiúnta (UBN) agus bhain 3 cinn le bóithre nach Bóithre Náisiúnta iad. Bhain na hoibreacha le feabhsúchán maidir le marcáil bhóthair, le comharthaí tráchta agus soilsí ag láithreacha ar mhór an baol timpiste iontu.

The following are the latest Road Traffic Accidents statistics for Kilkenny for 2003.

Líon na dtimpistí de réir Daonra de 1,000 1.3 Meán Náisiúnta 1.5
Líon na dTimpistí de réir 1,000 Feithicil Cláraithe 2.5 Meán Náisiúnta 3.1
Líon na dTimpistí de réir Aistear Feithicle de 10 milliún Cileaméadar 1.1 Meán Náisiúnta 1.6

Is trí oideachas, cosc ar thimpiste agus poiblíocht a chuireann Comhairle Contae Chill Chainnigh béim ar bhonn leanúnach ar an tábhacht a bhaineann le sábháilteacht ar ár mbóithre.