AN PLEAN LIMISTÉIR COMHTHÁITE (PLC)

Tá Coiste Faireacháin tras-earnáil churtha ar bun ag údaráis áitiúla Chill Chainnigh Tá an Coiste seo freagrach as faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm an IAP agus as treoir a chur ar fáil faoin mbealach ar féidir leis an moill agus na constaicí a bhaineann lena chur i bhfeidhm a dhíbirt. Ról réamhghníomhach a bhíonn ag an gCoiste Faireacháin i gcaitheamh tréimhse an PLC. Tá uasmhéid de naoi mball ar an gCoiste faireacháin.

Is é an cuspóir atá ag an gCoiste Faireacháin: faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cuspóirí an PLC; táscairí feidhmíochta a chur ar bun féachaint an bhfuiltear ag teacht le cuspóirí an PLC agus mar uirlis tagartha chun an dul chun cinn a thomhais; fadhbanna nó constaicí a d’fhéadfadh teacht aníos agus moill a chur ar an bpróiseas forfheidhmithe a aithint agus déileáil leo dá réir; aghaidh a thabhairt ar athruithe sna cúinsí ó ullmhaíodh an PLC; freagairt a dhéanamh ar dheiseanna a thagann chun cinn nach rabhthas ag súil leo. Faoi láthair tá dhá fhochoiste ann lena n-áirítear an grúpa sochar Pobail agus Fostaíochta.

Baill Plean Limistéir Chomhtháite: