Ráiteas an Bhainisteora

Is cúis áthais domsa bheith bainteach le cur i láthair Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae agus Bhardas Buirge Chill Chainnigh don bhliain 2004.

Rinneadh dul chun cinn an bhliain seo ar fud an Chontae i dtionscadail bhonneagair éagsúla a bhain le gach seirbhís a bhfuil cur síos déanta uirthi sa tuarascáil seo lena n-áirítear bóithre, uisce, séarachas, tithíocht agus imshaol. Cuid de na tionscadail sin tá siad liostáilte anseo thíos:-

Cuirfear chun tosaigh Limistéar Belview ar bhonn leanúnach mar láithreán tábhachtach do Thionscal Straitéiseach i Réigiún an Oir-Dheiscirt agus maidir leis sin fáiltímid leis an gcomhoibriú leanúnach le Cuideachta Chaladhphort Phort Láirge.

Fáiltítear roimhe go bhfuil earnáil na turasóireachta ag obair i gcomhar leis na hÚdaráis Áitiúla ar bhonn leanúnach ar ullmhúchán straitéise fadtéarmaí le haghaidh na turasóireachta sa Chontae.

Is ar chéim sárfhorbartha atá an obair maidir le bunú Fóram Oidhreachta.

Táthar ag ullmhú Dréachtstraitéis Ealaíon lena cur i láthair i 2005.

Is mór an dul chun cinn atá á dhéanamh sa réimse Seirbhís Chustaiméara.

Ba mhaith liom a rá gur mhór agam dúthracht agus tiomantas Bainistíochta agus Foirne na Comhairle agus an obair chrua a rinne na baill tofa agus go sonrach obair an Chathaoirligh, an Comhairleoir Mary-Hilda Cavanagh agus Bobby Aylward an té a chuaigh roimpi sa phost sin as ucht a ndúthracht ar son chur chun cinn an Chontae.

Ba mhaith liom freisin mo bhuíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach agus le baill de gach ceann de na Coistí Beartais Straitéisigh as ucht an sárobair atá déanta acu i rith na bliana.

Creidim go léifidh pobal Chontae Chill Chainnigh an Tuarascáil Bhliantúil agus go dtabharfaidh sé léargas níos mó dóibh ar an réimse leathan gníomhaíochta atá á thabhairt faoi ag na hÚdaráis Áitiúla.

M. Malone,
Bainisteoir Contae.