Kilkenny County Council & Kilkenny Borough Council

In English

TURASÓIREACHT CHILL CHAINNIGH

Tá Tourism Development International fostaithe ag Comhairle Contae Chill Chainnigh, Bardas Buirge Chill Chainnigh, Turasóireacht Chill Chainnigh, Fíoncheannaithe Chill Chainnigh agus Cumann Tráchtála agus Tionscal Chill Chainnigh chun taighde a dhéanamh a shocróidh bunlíne tagartha a thabharfaidh le fios cá háit maidir leis an margadh a bhfuil an Turasóireacht i gCill Chainnigh ag an bpointe seo. Beidh sin ina uirlis ag tionscal na turasóireachta le go bhfaighfear amach cad iad na bearnaí a gcaithfear a líonadh agus cá háit a dtabharfar an táirgeadh an chéad uair eile.

Cruthóidh an taighde seo dóthain eolais le go mbeidh Cill Chainnigh in ann bogadh ar aghaidh go straitéiseach agus go héifeachtach lántuisceanach go bhfuil an contae ag dul sa treo ceart agus go bhfuil sé ar thóir margaí a bhfuil suim léirithe faoin táirgeadh atá le tairiscint ag Cill Chainnigh.

Is féidir an taighde a tugadh faoi a rangú i trí chatagóir:

Cuireadh an céim deireanach den taighde sin i láthair i gcaitheamh na bliana 2004 agus bainfear úsáid anois as an eolas sin chun Straitéis Forbartha Turasóireacht 5 Bliana a thabhairt ar aird. Tá Welcome Marketing coimisiúnaithe chun an straitéis sin a thabhairt chun críche agus tá súil leis go mbeidh sé críochnaithe faoi cheann Meithimh 2005.

Leagfaidh an straitéis sin amach an ‘áit a bheidh bainte amach’ ag Cill Chainnigh mar sprioc turasóireachta, a láidreachtaí féin, deiseanna sa mhargadh amach anseo, agus an timpeallacht iomaíoch ina bhfuil Cill Chainnigh ag oibriú tugtha uile san áireamh.

Baill Turasóireachta Chill Chainnigh 04/05:

Maidir Linn | Mapa an tSuímh | Polasaí maidir le Príobháid | Déan Teagmháil Linn | ©2005 Kilkenny County Council