Kilkenny County Council & Kilkenny Borough Council

In English

BARDAS BUIRGE CHILL CHAINNIGH

BALLRAÍOCHT i mBARDAS na BUIRGE
Bíonn dhá chomhalta déag i mBardas na Buirge, iad tofa le haghaidh téarma cúig bliana.
Toghadh an Bardas Buirge atá ann faoi láthair i mí an Mheithimh 2004 agus seo leanas na daoine a bhí ina gcomhaltaí an 31 Nollaig 2006:

 

Councillor Martin Brett

Méara:
An Comhairleoir Martin Brett (Fine Gael)
Derdimus, Tennypark, Cill Chainnigh



Councillor Sean ÓhArgáin

Leasmhéara:
An Comhairleoir Sean Ó hArgáin (Páirtí an Lucht Oibre)
14 Cearnóg na Coláiste, Bóthar na Coláiste, Cill Chainnigh



COMHAIRLEOIRÍ


Councillor Marie Fitzpatrick

An Comhairleoir Marie Fitzpatrick (Páirtí an Lucht Oibre)
64, Plás an Easpaig Birch, Cill Chainnigh


Councillor Betty Manning

An Comhairleoir Betty Manning (Fine Gael)
Bóthar an Chaisleáin, Cill Chainnigh



Councillor Andrew McGuinness

An Comhairleoir Andrew McGuinness (Fianna Fáil)
Brooklawn, Bóthar Bhaile an Phoill, Cill Chainnigh



Councillor John Coonan

An Comhairleoir John Coonan (Fianna Fáil)
17 Clós na Saileoige, Cill Chainnigh



Councillor Joe Cody

An Comhairleoir Joe Cody (Páirtí an Lucht Oibre)
11 Noremount, Cill Chainnigh



Councillor Michael Lanigan

An Comhairleoir Michael Lanigan (Fianna Fáil)
12, Greenfields, Cill Chainnigh



Councillor Paul Cuddihy

An Chomhairleoir Paul Cuddihy (Fine Gael)
Bóthar Granges, Cill Chainnigh



Councillor Pat Crotty

An Chomhairleoir Pat Crotty (Fine Gael)
14, Bóthar na Darach, Móinéar an Diúic, Cill Chainnigh



Councillor Joe Reidy

An Comhairleoir Joe Reidy (Fianna Fáil)
Teach Pairliminte, Sráid Phairliminte, Cill Chainnigh




Councillor Malcolm Noonan
 

An Comhairleoir Malcolm Noonan (Comhaontas Glas)
35 Cearnóg an Athar Uí Mhurcú, Cill Chainnigh



Riarachán:

Bá é €56.07 Ráta na Cathrach don bhliain 2006.
RÓL AN BHARDAIS BHUIRGE
Is é ról atá ag Bardas Buirge Chill Chainnigh seirbhísí áitiúil a riar in éindí leis an mBuirg. Cuimsíonn na dualgais sin seirbhísí bonneagair, pobail agus sóisialta agus cur chun cinn Chill Chainnigh mar lárionad tábhachtach turasóireachta.
Tá ról tábhachtach ag an mBardas Buirge maidir le hoidhreacht mheánaoiseach Chill Chainnigh a chaomhnú agus maidir le Cill Chainnigh a chur chun cinn mar lárionad tábhachtach turasóireachta.
Comhlánaíonn Iontaobhas Cathartha Chill Chainnigh obair an Bhardais Bhuirge sna réimsí sin.

 

PRÓIFÍL NA CATHRACH
Cairt Ríoga Séamas 1 sa bhliain 1609 a thug do Chill Chainnigh a bhunreacht mar Chathair. Tá an Sabhran agus Comhairle an Dáréag imithe le fada agus ina n-áit tá Méara agus Comhairleoirí.
373.5 heicteár (923 acra) atá i limistéar na Cathrach agus meastar daonra de 8,625 a bheith aici. Daonra de thart ar 23,967 atá sa Bhuirg agus sa Cheantar máguaird. Tá tréithe meánaoiseacha na cathrach coinnithe go maith, go sonrach trí fhoirgneamh stairiúla cosúil le Caisleán Chill Chainnigh, Ardeaglais Naomh Cainneach, Teach Rothe agus Teach Deirce Shee a chaomhnú.
ROINNT GNÍOMHAÍOCHTAÍ EILE

Cathair Chóirthrádála
Bhain Cill Chainnigh stádas na Cóirthrádála amach i 2005. Le tacaíocht ó shiopaí caife, ó phubanna, ó óstáin, ó oifigí, ó shéipéil, ó chlubanna agus ó scoileanna bhí an cathair in ann teacht le cuid mhaith de na coinníollacha a bhí leagtha amach ag Fairtrade Ireland Is féidir raon d'earraí Cóirthrádála cosúil le té, caifé, mil, cócó, seacláid agus úrthorthaí a cheannach i bpríomh–ollmhargaidh Chill Chainnigh. Tugadh faoi thograí scoile i go leor scoileanna i dtaca le ceist na Cóirthrádála a bhfuil ceisteanna cearta daonna, saothar páiste agus cosaint timpeallacht ina sainchodanna di.
Comórtas Entente Florale
Is le tacaíocht an Mhéara agus chomhaltaí tofa Chomhairle na Buirge a rinne Cill Chainnigh ionadaíocht d'Éirinn ag Comórtas Idirnáisiúnta Entente Florale. Lena linn sin cuireadh Cill Chainnigh i láthair ar bhealach a bhí ag teacht leis an gcáil náisiúnta agus idirnáisiúnta atá aici mar lárionad feabhais ó thaobh turasóireachta, oidhreachta agus cultúir agus mar áit saibhir ó thaobh conláistí foirgníochta agus nádúrtha. Rinne painéal idirnáisiúnta breitheamh an breithiúnas agus bronnadh bonn óir ar Chill Chainnigh ag searmanas bronnta gradam i Bad Sackingen, sa Ghearmáin i mí Mheán Fómhair.
Tá cáil ar Chill Chainnigh mar Phríomhchathair Mheanaoiseach na hÉireann de bharr na hoidhreachta oirirce foirgníochta atá aici agus b'éard a bhí againn mar théama sa chomórtas seo a thaispeáint an chaoi a gcoinnímid gar dár gcroí an oidhreacht mheánaoiseach sin, agus bríomhaireacht a choinneáil sa chathair ag an am céanna trí úsáid a bhaint as timpeallacht nádúrtha na n-aibhneacha agus na bpáirceanna ar bhealach inbhuanaithe.
Tugadh faoi chlár oibriúcháin fuinniúil réidh le dul in iomaíocht leis an saol mór ar an stáitse idirnáisiúnta.


 
1   2
Preparation Work for Entente Florale Competition at Kilkenny Borough Council’s Nursery

 

Obair ullmhúcháin don Chomórtas Entente Florale ag Ionad Cothabhála Bhárdas Buirge Chill Chainnigh

Páirceáil
Suiteáladh córas páirceála le bacainn a ndearnadh gealltanas mar gheall air sa Bhuiséad Bliantúil anuraidh ag Faiche an Aonaigh. Tá sé i gceist tuilleadh spásanna páirceála coitianta a cur ar fáil ag an láithreán sin trí athbhreithniú a dhéanamh ar an leagan amach atá ann. Maoineofar iad le ranníocaíochtaí Forbartha.
D'aontaigh an Bardas Buirge i bprionsabal le muirir pháirceála i sráideanna Chill Chainnigh. Uirlis riachtanach bainistithe tráchta atá sna moltaí sin a thabharfaidh aghaidh ar bhuarthaí na gcomhaltaí maidir le deiseanna páirceála d’áitritheoirí timpeall na cathrach.
Fostaíodh Monatóir Tráchta lena chinntiú go rabhthas ag cloí leis an gcosc páirceála ar thiománaithe slána i mbánna a bhí ceaptha do dhaoine faoi mhíchumas agus tá sé i gceist leanúint leis an tionscnamh sin i 2007.
Bóithre
Cuireadh tús le Clár Bóithre nua trí bliana i 2006. Seo leanas achoimre ar chlár oibre na dtionscadail éagsúla ar cuireadh críoch leo sa chéad bhliain den chlár sin.
Tionscadail pábhála a críochnaíodh sa bhliain 2006:

 
Oibriúcháin Athdhromchlaithe críochnaithe i:

Lána Evan
Mar chuid de na hoibriúcháin i Lána Evan leagadh píobán síos chun cáblaí a bhí os cionn talaimh a chur faoi thalamh, rinneadh uasghrádú ar na seirbhísí ann agus an phábháil a bhí ann cuireadh feabhas uirthi go raibh sí ar chaighdeán cosúil leis sin sna lánaí cóngaracha.

3
Improvement works at Evans Lane

Oibriúcháin feabhais ag Lána Evan
Lána Garda
Bhí caighdeán an lána seo tite i léig in imeacht na mblianta agus tar éis dul i gcomhairle le húinéirí maoine sealbhais glanadh amach an lána, cuireadh feabhas ar an gcóras draenála, cuireadh pábháil ar fáil ag an mbóthar isteach agus gheall na háitribh sa chóngar go gcuirfí córas sláinteach i bhfeidhm i ndáil le stóráil agus le bailiúchán dramhaíola.
Bóthar an Chóiste
Rinneadh oibriúcháin mhóra feabhais ar Bhóthar an Chóiste, tugadh cáblaí a bhí os cionn talaimh chun bealaigh, cuireadh soilsiú maisiúcháin poiblí ar fáil, leagadh colbha chloiche aoil agus cosáin choisithe Bergerac ar an dá thaobh, sainíodh bá pháirceála do dhaoine faoi mhíchumas ag Ardeaglais Naomh Cainneach, leagadh pábháil tadhaill ag pointí trasnaithe agus cuireadh craiceann nua asfalt maisteog chloiche ar an mbóthar.

 

4
Feabhsúchán Bóthair agus Cosán Coisithe ag Bóthar an Chóiste

 

Cearnóg Thomáis
Rinneadh oibriúcháin ar an mbóthar isteach d'fhonn deireadh a chur le páirceáil gan ord gan eagar agus d'fhonn teacht isteach do chónaitheoirí agus d'fheithiclí éigeandála a éascú. Rinneadh aon dromchla amháin ar an mbóthar inmheánach san eastáit ag freastal ar an dóigh sin do ghluaiseacht na bhfeithiclí, cuireadh bánna páirceála ar fáil, cuireadh feabhas ar chóras draenáil uisce agus tógadh cuaillí breise solais.

 

Cé Sheáin
Na cáblaí a bhí os cionn talaimh ann cuireadh faoi thalamh iad. Cuireadh craiceann nua ar an mbóthar i 2006 mar chomhlánú ar obair feabhais a rinneadh níos luaithe i dtaca le cosáin choisithe agus tírdhreachú. Tá sé i gceist oibriúcháin a thabhairt chun críche anseo i 2007 trí limistéar pábháilte ardaithe a chur ar fáil a mbeidh córas rochtana ar an leabharlann ina shainchuid de.

5
Oibriúcháin feabhais ag Cé Sheáin
Bóthar Gaol agus Sráid Dominic
Sna hoibriúcháin anseo plánáladh an bóthar, leagadh síos an t-ábhar treisithe meshtrak, craiceann asfalt maisteog chloiche anuas air sin agus ansin rinneadh athlíniú. Rinneadh na hoibriúcháin sin i rith laethanta saoire na scoile sa chaoi is go gcuirfí isteach ar an trácht a laghad agus ab fhéidir. .

6
Craiceann nua curtha ar Bhóthar Gaol, Chill Chainnigh
Seanbhóthar Challainn (Eastát)
Tar éis dul i gcomhairle le cumann na gcónaitheoirí rinneadh na hathruithe ar an mbealach leathan isteach. Mar chuid de sin tógadh dhá oileán tráchta, rinneadh lánaí scagtha tráchta don trácht isteach agus amach as an eastáit agus pointe trasnaithe tadhaill. De bharr an oibriúcháin anseo tá an timpeallacht níos sábháilte do choisithe de bhrí gur cuireadh deireadh le páirceáil gan chúram agus leis an gcontúirt a bhaineann le cora inlíochta .i. U-chastaí. Cuireadh craiceann nua ar bhóthar an eastáit freisin.

7
An Bealach isteach go dtí Eastát Sheanbhóthar Challainn Feabhsaithe
Eastáit Tithíochta
Cuireadh dromchla nua ar Chlós Naomh Pádraig, ar Chúirt Ashleigh agus ar Phlás DeLoughry agus rinneadh obair dheisiúcháin ar na cosáin choisithe iontu i 2006.

8
An dromchla nua agus an phábháil tadhaill ar an mbealach isteach chuig Chúirt Ashleigh, Chill Chainnigh
Ceisteanna Míchumais
Sna tionscadail uile a tugadh chun críche cuireadh ceisteanna míchumais san áireamh agus baineadh úsáid as modhanna sárchleachtais chun déileáil leo. Cuireadh pábháil tadhaill ar fáil ar gach trasbhóthair choisithe ó Bhóthar Granges go dtí Sráid Rioch. Tógadh trasbhóthar coisithe nua ag Sráid Parnell agus tógadh mullaird chun fáil réidh le fadhb na páirceála mí-eagraithe. Cuireadh colbha miasaithe agus lámhráille ar fáil ag na leithris poiblí i gclós an aonaigh.

 

9    0

             Trasbhóthar Coisithe ag Sráid Parnell Páirceáil do dhaoine faoi mhíchumás ag Bóthar an Chóiste

 

11
Rampa nua agus ráillí ag na leithris poiblí

 

Linn Snámha James Stephens
Is é Bardas Buirge Chill Chainnigh a fheidhmíonn Linn Snámha James Stephens ina ndéantar freastal do shnámhóirí uile idir fhoghlaimeoirí, mhaoir shnámha agus eile Bíonn clár cuimsitheach á fheidhmiú i Linn Snámha James Stephens agus déantar freastal inti do scoileanna ó gach ceard den chontae.
Cuireann Bardas Buirge Chill Chainnigh ceachtanna ar fáil do pháistí agus do dhaoine fásta agus tá áis oiliúna do mhaoir shnámha chun a gcuid cháilíochtaí a uasghrádú nó a bhailíochtú in athuair.
Is féidir dul i dteagmháil le Bainisteoir na Linne Snámha ag 056-7721380.
Tá sá comhaontaithe ag Bardas Buirge Chill Chainnigh agus ag Comhairle Contae Chill Chainnigh linn snámha den chéad scoth agus ionad fóillíochta a chur ar bun ag Páirc Scanlon, an Loch Buí. Chuathas i mbun próiseas comhairliúcháin cuimsitheach i 2005 lena chinntiú go gcloífí le sárchleachtas i réimsí a leithéid áisiúlacht, úsáid agus rannpháirteachas forleathan.

Páirceanna agus Spásanna faoin Spéir
Cinntíonn Clár Bliantúil Páirceanna agus Spásanna faoin Spéir de chuid Bhardas Buirge Chill Chainnigh go scórálann Cill Chainnigh marcanna arda i gComórtas Náisiúnta na mBailte Slachtmhara. Is é Ionad Cothabhála Bhardas na Buirge ag Lána Evan i gCill Chainnigh is ceanncheathrú don Phríomhgharraíodóir agus is as sin a théann a fhoireann eisean/ise amach chun Cill Chainnigh a mhaisiú do chuairteoirí agus do dhaoine de bhunadh na háite.

Seirbhísí Comhshaoil
Cuireann Bardas Buirge Chill Chainnigh seirbhís bhruscair ar fáil maille le seirbhís bhailiúchán earraí inathchúrsála cois bhóthair gach re seachtain. Ina theannta sin tá sé de choimitmint ag Bardas Buirge Chill Chainnigh na sráideanna agus na bóithre a ghlanadh agus seirbhís éifeachtach bhosca bruscair a chur ar fáil.
Rialú Forbraíochta
Líon na n-iarratas a fuarthas i 2006 = 148
Líon na n-iarratas a cinneadh: 117
Líon na n-iarratas ar géilleadh dóibh: 104 (89% de na hiarratais)
Líon na n-iarratas ar diúltaíodh dóibh: 13 (11% de na hiarratais)

Plean Limistéir Áitiúil Lár Chathair Chill Chainnigh
Glacadh le Plean Limistéir Áitiúil Lár Chathair Chill Chainnigh i 2005 agus ina dhiaidh sin i 2006 bhíothas ag déanamh machnaimh faoi chlár iomlán de bhearta forfheidhmithe. Ba iad príomhaidhmeanna an phlean:-
Tá sé d'aidhm ag an bPlean Limistéir Áitiúil seo straitéis chomhtháite a sholáthar le haghaidh fhorbairt inbhuanaithe Lár Chathair Chill Chainnigh amach anseo, leis an bhfuinneamh agus an inmharthanacht a bhaineann léi a chinntiú agus le cúrsa lárnach a stiúradh idir caomhnú an oidhreacht ailtireachta agus seandálaíochta agus freastal a dhéanamh do mhodhanna nua-aimseartha agus do chaighdeán beatha a cónaitheoirí idir iad atá ann agus iad a bheidh ann a fheabhsú.
Seo roinnt de na móraidhmeanna atá sa Phlean Limistéar Áitiúil leis an straitéis sin a sheachadadh:

Is é Plean Áitiúil Lár Chathair Chill Chainnigh in éindí le Plean Forbartha Chathair agus Cheantar Chill Chainnigh 2002 is mó a chuirfear chun fónaimh chun forbairt sa cheantair a threorú agus a rialú agus dá bhrí sin is mór an tionchar a bheidh aige ar fhás agus ar fhorbairt Lár na Cathrach amach anseo.

Athbhreithniú ar Phlean Forbartha Chathair agus Cheantar Chill Chainnigh
Cuireadh tús leis an athbhreithniú ar Phlean Forbartha Chathair agus Cheantar Chill Chainnigh i 2006 le cruinnithe réamhchomhairleacháin maidir le réimse ceisteanna a bhí bainteach leis an bpróiseas iomlán comhairliúcháin.

 

Oidhreacht
Leanadh ar aghaidh le dhá thionscadal thábhachtacha oidhreachta i 2006:

  1. Plean Caomhnaithe Oidhreacht Bhallaí Chill Chainnigh
  2.  
  3. Cúlra
  4.  
  5. Is that ceann Bardas Buirge Chill Chainnigh a choimisiúnaigh an Chomhairle Oidhreachta Dúchas (an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil sa lá atá inniu ann), an Taisce agus Oxford Archaeology (OA) chun Plean Caomhnaithe Oidhreacht Bhallaí Chill Chainnigh a chur i dtoll a chéile. Is mór an tábhacht atá ag na ballaí ar bhun náisiúnta agus idirnáisiúnta ach ba chúis mór imní an droch-chaoi ina raibh siad agus an caillteanas páirteach de mhíreanna dá bhfuil fágtha díobh.
  6.  
  7. Aidhmeanna
  8.  
  9. Tá súil le húsáid a bhaint as an bPlean Caomhnaithe chun:
    • Tuiscint na muintire áitiúla ar na ballaí agus ar an tábhacht a bhaineann leo a fheabhsú.
    • An t-aitheantas a thugtar do na ballaí a chur chun cinn agus iad a chosaint.
    • Scéimeanna bainistíochta a spreagadh le caoi a choinneáil orthu go héifeachtúil
    • Treoirlínte maidir le hobair dheisiúcháin agus chaomhnaithe
    • Cosaint dhreach an tsuímh ó fhorbairtí cóngaracha
    • Teacht ar na ballaí a éascú.

Sa Phlean Caomhnaithe déantar comhtháthú ar an doiciméadú forleathan a bhaineann le Ballaí na Cathrach sna taifid áitiúla, i léarscáileanna stairiúla agus i ndoiciméid náisiúnta. Is féidir anois na sonraí a scaipeadh i bhfoirm níos inbhainistithe, foirm a chuirfidh ar ár gcumas polasaithe cosanta agus caomhnaithe a chur chun cinn.

  1. Séipéal agus Reilig Naomh Muire, Lána Naomh Muire, Cill Chainnigh
  2.  
  3. Is toradh Plean Caomhnaithe Shéipéal agus Reilig Naomh Muire, Co. Chill Chainnigh ar obair na mblianta agus ar chomhoibriú idir Iontaobhaithe Séipéal Naomh Muire, Bardas Buirge Chill Chainnigh, an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, an Taisce, Cumann Seandálaíochta Chill Chainnigh, an Garda Síochána, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Slándáil Chill Chainnigh agus an Chomhairle Oidhreachta. Tá gach dream acu sin sásta go bhfuil an Plean seo curtha os comhair an phobail.
  4. Ba é buairt mhuintir Chill Chainnigh a bhí ag iarraidh a chinntiú go gcoinneofaí slán ar feadh na mblianta fada Reilig Naomh Muire agus na liaga leithleacha os leacht atá ann a spreag an Plean. Is é tábhacht na Reilige mar is léir ón bPlean gur in ionad lárnach atá sí suite agus mar sin go bhfuil sé de phoitéinseal aici bheith ina taitneamhacht don chathair ina iomláine agus chomh maith leis sin gur inti atá liaga an iomad mórphearsana stairiúla as Chill Chainnigh.
  5. Is i gcomhthéacs reachtaíocht agus polasaí oidhreachta náisiúnta ní hamháin sna moltaí agus sa phróiseas a mbaintear úsáide as chun a dhréachtú is cóir breathnú ar an bPlean agus is é an chomhthoil an bhunchoinníoll. Cuireann polasaí an Rialtais mar atá sé curtha in iúl sa Phlean Oidhreachta Náisiúnta an bhéim ar an ról atá ag caomhnú oidhreachta i dtaca le caighdeán beatha a chosaint agus an gá atá ann pobail áitiúla a spreagadh le bheith rannpháirteach i gcosaint chomhshaoil. Creat atá sa Phlean Caomhnaithe agus is laistigh den chreat sin is féidir polasaí an Rialtais a chur i ngníomh.
Maidir Linn | Mapa an tSuímh | Polasaí maidir le Príobháid | Déan Teagmháil Linn | ©2005 Kilkenny County Council