Kilkenny County Council & Kilkenny Borough Council

In English

FORBAIRT BHÓTHAIR AGUS IOMPAR

Fad BÓITHRE AN 31 NOLLAIG 2006
FORBAIRT AGUS IOMPAR BÓTHAIR

Ciliméadair

Mílte

Príomhbhóithre Náisiúnta

147.8

91.9

Bóithre Náisiúnta den Dara Grád

68.3

42.4

Réigiúnach

315.9

196.3

Bóithre Áitiúla

2,532.2

1,573.5

Iomlán

3,064.2

1,904.0

DEARADH BÓTHAIR/TÓGÁIL/FEABHSÚCHÁN/OBAIR CHOTHABHÁLA
Ba é €119,451,985 an caiteachas iomlán ar bhóithre an chontae. Chuir an Roinn Comhshaol, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil leithroinnt de €11.552m ar fáil agus chuir an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta €103,695 ar fáil le haghaidh Bóithre Náisiúnta. Chuir an Chomhairle €2.615m ar leataobh lena aghaidh sin ón a gcistí féin agus €1.59m ó Rannchuidithe Forbartha.

3

Ar na scéimeanna móra a tugadh fúthu áirítear:

 

4

Cosán Coisithe nua, Watergate.
MUIRIR FORBARTHA
I ndiaidh don Chomhairle Scéim Ranníoca Forbartha a ghlacadh i 2003 tá €3.975m curtha ar leataobh le haghaidh bóithre. De réir Scéim Ranníocaí Forbartha na Comhairle cuirfear 40% de bhuiséad na mBóithre ar leataobh ar leibhéal ceantair, agus cuirfear 60% ar leataobh ar leibhéal iomlán na Comhairle.

PÁIRTEACHAS AN PHOBAIL I SCÉIM OIBRIÚCHÁN BÓTHAIR

STAITISTICÍ 2006

 

Líon na mbóithre deisithe

14

Fad iomlán na mbóithre deisithe

10.405

Líon na dtionóntaí a thairbhigh de.

96

Caiteachas Iomlán

€726,099

SCÉIMEANNA FEABHSÚCHÁIN ÁITIÚLA
Tagraíonn an scéim seo do bhóithre neamhphoiblí a dhéanann freastal ar dhá cheann nó níos mó de ghabháltais talmhaíochta faoi leith. Ní mór go mbeidh rannchuidiú áitiúil de 10% ar a laghad de chostais na n-oibriúchán feabhsaithe agus beidh an t-iarmhéid le híoc as deontas na Scéime Feabhsúcháin Áitiúil de chuid RCORA (Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil)

STAITISTICÍ 2006

 

Líon na mbóithre deisithe

11

Fad iomlán na mbóithre deisithe

7.748

Líon iomlán na dtairbhithe

71

Caiteachas Iomlán

€624,108

Iomlán na ranníocaíochtaí áitiúla

€99,893

SOILSIÚ POIBLÍ
Tá 6,000 soilse á gcoimeád ag Comhairle Contae Chill Chainnigh.
Costas Leictreachais / obair chothabhála / uasghrádú €663,534.
I 1996 rinneadh cinneadh na soilsí poiblí uile sa chontae a uasghrádú ó shoilsí Mearcair go soilsí sóidiam agus rinneadh conradh le BSL (Bord Soláthar Leictreachais) chun an t-uasghrádú sin a dhéanamh agus chun soilse líonadh isteach a sholáthar; maoineofar t-uasghrádú sin thar tréimhse 5 bliana. Críochnaíodh na hoibriúcháin i mBealtaine 2000. I 2004 d'aontaigh Comhairle Contae Chill Chainnigh ar chlár ceithre bliana i dtaca le soilsiú poiblí. Tá an clár fós ar siúl.
TÁSCAIRÍ SEIRBHÍSÍ BÓITHRE

 

Maidir Linn | Mapa an tSuímh | Polasaí maidir le Príobháid | Déan Teagmháil Linn | ©2005 Kilkenny County Council