Cuireann Bord Fiontraíochta Chontae Chill Chainnigh (BFC) córas tacaíochta ar fáil ar bhonn leanúnach le bunú, forbairt agus fás micri-fhiontar a éascú sa chontae. Is é an Bainisteoir Chontae Michael Malone atá ina chathaoirleach ar an mBord agus tá ionadaithe air ó réimse leathan d’eagraíochtaí Stáit agus leathstáit maille le páirtithe leasmhara ón earnáil ghnó agus ón bpobal áitiúil. Tá ceithre ionadaí tofa arna ainmniú ag Comhairle Contae Chill Chainnigh ar an mBord freisin, rud a thugann dlisteanacht dhaonlathach agus cuntasacht don Bhord.
Cuireann an Bord raon tacaíochtaí airgeadais agus neamhairgeadais ar fáil d'fhonn bunú, forbairt agus fás gnóthaí beaga i gContae Chill Chainnigh a éascú. Is mór is mian leis an mBord an timpeallacht fiontraíochta agus bailíocht agus acmhainn forbartha bainistíochta gnóthaí beaga a fheabhsú. Tá stádas an Bhoird daingnithe anois mar chéad phointe teagmhála do ghnóthaí beaga. Bíonn raon leathan de bhearta taca agus iad gearrtha de réir riachtanais á gcur ar fáil .i. buneolas agus comhairle agus cúnamh i bhfoirm dheontais.
Cheadaigh an Bord cúnamh airgeadais ar luach €425,000 ina iomláine do 28 dtionscadal gnó breise i 2006. Tá sé de phoitéinseal ag na tionscadail sin 60 post lánaimseartha breise a chruthú nuair atá siad faoi lán seoil. Mar sin sna deich mbliain atá caite tá líon iomlán de nach mór 1000 jab cruthaithe ag an mBord ar chostas in aghaidh an jaib d'ábhairín os cionn €6,500, luach iontach ar ndóigh ar mhaoiniú an AE agus an Státchiste. Ghlac níos mó ná 600 duine páirt i nach mór 50 clár oiliúna, forbairt bainistíochta agus meantóireachta arna n-eagrú agus arna seachadadh ag an mBord i 2006. Orthu sin bhí Cúrsaí Oiliúna 'Bunaigh do Ghnó féin', 'Cuntais Ríomhchuidithe', 'Oiliúint Airgeadais' Cláir 'Díolacháin agus Margaíocht' d'Úinéirí Gnó agus araile. Is i gcomhar le Comhairle Contae Chill Chainnigh a shínigh an Bord comhaontuithe áitiúla le grúpaí pobail i gCallainn maidir le coinneáil an Fheidhmeannais Forbartha Gnó d'fhonn cuidiú leis an bpobal áitiúil ansin plean le haghaidh gníomhaíochtaí fiontraíochta tionscanta ag muintir na háite a ullmhú agus a chur i ngnímh.
| In English |
