Tá an Roinn Gnóthaí Corparáideacha freagrach as soláthar agus bainistíocht réimse leathan de sheirbhísí ar a n-áirítear Cruinnithe Comhairle, Riarachán Foirgnimh, Pleanáil Chorparáideach, Forbairt Eagraíochta, Ceart Vótála agus Taighde ar Pholasaí.
CLÁR NA DTOGHTHÓIRÍ:
Táirgtear Clár Toghthóirí ar bhonn bliantúil. Is liosta é an clár de gach duine os cionn 18 mbliana d'aois a bhfuil cónaí air/uirthi sa Chontae agus a bhfuil i dteideal vótála i dToghchán Dála, i dToghchán Phairlimint na hEorpa, i dToghchán na hUachtarántachta, i dtoghcháin Áitiúla agus i Reifrinn.
Figiúirí don Tuarascáil Bhliantúil 2006
Béal Átha Ragad |
12,239 |
Callainn |
8,595 |
Cill Chainnigh |
4,896 |
Cathair Chill Chainnigh |
14,076 |
Baile an Phoill |
14,809 |
Baile Mhic Andáin |
12,205 |
I mBealtaine 2006 d'fhógair an tAire Comhshaoil pacáiste beart a bhí dírithe ar chúnamh a sholáthar d'údaráis áitiúla chun tabhairt faoi obair mhór fheabhsúcháin a shocródh cruinneas an chláir vótála. Thionóil Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh roinnt cruinnithe le taighdeoirí i mBealtaine 2006 ar léiríodh na moltaí tábhachtacha a bhí déanta chun cruinneas a feabhsú.
-
Próiseas ullmhúchán an Dréachtchláir a thosú a luaithe agus ab fhéidir i ndiaidh 1 Meitheamh 2006 – Taighdeoirí reatha agus taighdeoirí nua le fáil oiliúint chuí sna nósanna imeachta
- A chinntiú go dtabharfadh taighdeoirí dhá chuairt ar a laghad ar theaghais nuair nach rabhthas in ann eolas a fháil ar an gcéad chuairt nó nuair nár seoladh an fhoirm ar ais
- Eolas a fháil ón teaghlach amháin .i. gan glacadh le faisnéis tríú páirtí
- Dáta breithe gach duine le bheith bailithe nuair ab fhéidir
- Feidhmiú uimhir aitheantais maoin sealbhais chun daoine cláraithe a nascadh le gach maoin sealbhais
- Úsáid Leabhar Saothair Clárúcháin so-léite agus deartha de réir riachtanais chun na sonraí cuí a thaifeadadh
- Cloí ar bhonn seasmhach le Treoirlínte na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil arna n-eisiúint
- Poiblíocht a dhéanamh ar bhonn leanúnach maidir leis an bpróiseas clárúcháin
- Foireann dhóthanach a bheith ina gcúltaca leis an Clár a uasdátú ar bhonn leanúnach
- Seiceáil dhóthanach a dhéanamh agus iniúchadh a dhéanamh ar an bpróiseas
Fostaíodh 37 dtaighdeoir i 2006 chun an Clár a chur le chéile.
Cuireadh an Dréachtchlár i gcló an 1 Samhain agus dáileadh ar Oifigí an Phoist é, ar Leabharlanna agus ar Stáisiúin Gharda ag tabhairt deise ar an dóigh sin do dhaoine a sheiceáil an raibh siad ar an Dréachtchlár. Cuireadh suíomh idirlín ar bun chun na críche sin freisin ag www.checktheregister.ie
Iontráladh gach dearbhú sa chóras agus rinneadh fiosrúchán. Ansin níor mhór iad a chur faoi bhráid an Chláraitheora Contae ag an gCúirt Éileamh le haghaidh an chinnidh dheiridh. Ba é toradh na hoibre sin go ndearnadh uasdátú chomh beacht agus ab fhéidir ar Chlár na dToghthóirí, an srianú ar am agus ar acmhainní curtha san áireamh. Cuirfear an clár beo i gcló an 1 Feabhra 2007.
Forlíonadh an Chláir: Duine atá cáilithe le bheith ar an gclár, ach nach bhfuil a (h)ainm ar an gclár atá foilsithe is féidir leis/léi iarratas a chur isteach le bheith curtha ar chlár forlíontach ar dháta nach déanaí ná an ceathrú lá déag roimh lá vótála (fágtar an Domhnach, Laethanta Saoire Poiblí agus Aoine na Cásca as an áireamh). I ndiaidh an Acht Toghcháin (Leasú), 2001 ní mór go mbeidh ball den Gharda Síochána ina fhinné ar aon iarratas ar bheith curtha ar fhorlíonadh Chlár na dToghthóirí.
Faoi fhorálacha an Achta Thoghcháin (Leasú), 2001 is féidir le duine atá ar Chlár na Vótóirí agus a aistríonn a áit chónaithe ó thoghcheantar go chéile nó ó dháilcheantar go chéile a iarraidh go gcuirfí a (h)ainm ar an gclár forlíontach ag an seoladh nua, ar choinníoll go n-údaraíonn an duine sin an t-údarás áitiúil a (h)ainm ag a s(h)eanseoladh a scrios.
Deontais faoi Alt 66:
Deonaíodh 65 dheontas faoin Scéim thuasluaite ar luach €40,000 ina n-iomláine.
Tionscnaimh Sheirbhís Chustaiméara:
RÁITEAS BARCELONA:
Is i gcomhchomhairle leis an Údarás Náisiúnta um Míchumas, le grúpa rochtana Chill Chainnigh, le Foireann Forfheidhmithe Barcelona agus le roinnt grúpaí míchumais eile i gCill Chainnigh a forbraíodh an Dréachtphlean Forfheidhmithe um Míchumas de chuid Údarás Áitiúil Chill Chainnigh.
Is iad ionadaithe ón Earnáil Mhíchumais, comhaltaí d' Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh lena n-áirítear na Rannóga Tithíochta, Pobail agus Fiontair, Acmhainní Daonna, an tOifigeach Comhionannais, ionadaí Tofa, an Roinn TE, Stiúrthóir na Rannóige Pobail agus Fiontair agus Bardas na Buirge atá i bhFoireann Forfheidhmithe Barcelona. Cuireadh Foireann Dearbhú Barcelona ar bun i 2004; beidh an fhoireann forfheidhmithe freagrach as foirmliú agus as forfheidhmiú cheangail an Phlean Earnála. Tá iniúchtaí á dhéanamh faoi láthair ar Fhoirgnimh na nÚdarás Áitiúla.
DEASC FAISNÉISE:
Mar chuid de phróiseas leanúnach athraithe na Comhairle bhí ról suntasach ag an Deasc Faisnéise Custaiméara i dtaca le hardchaighdeán seirbhíse a sheachadadh dár gcustaiméirí. Is é an fáth gur tugadh isteach an Deasc Faisnéise riachtanais na gcustaiméar a riar ar bhealach níos oscailte agus níos sciobtha. Le linn an ama chuir an fhoireann seirbhís chustaiméara ar fáil maidir le seirbhísí uile na Comhairle maille le cúrsaí nár bhain le sainchúram na Comhairle.
Gearáin chuig Fhear an Phobail: |
|
Líon na nGearán a fuarthas |
8 |
Líon na nGearán a Freagraíodh: |
8 |
Ábhar na nGearán: |
|
Saoráil Faisnéise |
|
Iarratais b/f 2005 |
1 |
Líon na n-iarratas a fuarthas i 2006 |
20 |
Líon na n-iarratas ar glacadh leo |
11 |
Líon na n-iarratas ar glacadh leo go páirteach |
4 |
Líon na n-iarratas ar diúltaíodh dóibh |
1 |
Líon na n-iarratas a tarraingíodh siar |
Neamhní |
Cásanna oscailte 31/12/0 |
5 |
Achomhairc |
|
Líon na nAthbhreithnithe a fuarthas |
1 |
Líon na nAchomharc a rinneadh do Info Comm |
Neamhní |
Foinsí na nIarratas |
Leasanna Gnó 7 |
Foireann 2 |
|
Eile 9 |
|
Iriseoirí 2 |
|
Cineál na Faisnéise iarrtha |
|
Líon na gCruinnithe Comhairle, na gCruinnithe Coiste a Tionóladh ó 1 Eanáir 2006 go dtí 31 Nollaig 2006.
Líon na gCruinnithe Comhairle: |
11 |
Cruinniú Bliantúil |
1 |
Cruinnithe Speisialta den Chomhairle. |
4 |
Meastúcháin. |
1 |
Toghcheantar Bhaile Mhic Andáin. |
6 |
Ceantar Leathnaithe Bhaile Mhic Andáin. |
2 |
Toghcheantar Chill Chainnigh |
6 |
Ceantar Leathnaithe Chill Chainnigh. |
1 |
Callainn |
2 |
Ceantar Leathnaithe Challainn |
2 |
Toghcheantar Bhaile an Phoill |
5 |
Ceantar Leathnaithe Bhaile an Phoill |
1 |
Toghcheantar Bhéal Átha Ragad |
5 |
Ceantar Leathnaithe Bhéal Átha Ragad |
2 |
Monatóireacht Uisce Tuaithe. |
2 |
Cóiríocht an Luchta Shiúil |
1 |
CPS 1 |
5 |
CPS 2 |
4 |
CPS 3 |
3 |
CPS 4 |
4 |
CPS 5 |
4 |
Woodstock |
0 |
Plean Limistéir Comhtháite |
2 |
Comhchoiste Draenála Goul |
2 |
Bord Forbartha Contae |
6 |
Grúpa Polasaí Chorparáidigh |
9 |
Sábháilteacht Uisce |
6 |
Comhchoiste Tráchta |
|
An Bhearú an Fheoir agus an tSiúir |
9 |
Líonra Gníomhaíochta Phobal Chill Chainnigh |
11 |
Bord Fiontraíochta an Chontae |
9 |
Íocaíochtaí do Chomhairleoirí
Liúntas Míosúil: |
€122,049.87 |
Liúntas Oiliúna agus Oideachais: |
€123,416.37 |
Íocaíocht Ionadaíochta |
€423,824.18 |
Liúntas CPS: |
€25,394.40 |
Páirtíocht
Pháirtíocht san Ionad Oibre in Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh
I rith na bliana 2006 bhí leabú an phróisis ag leanúint ar aghaidh céim ar chéim le próiseas Bainistíocht Athraithe trí Pháirtíocht le cúnamh tionscnaimh áitiúla agus forfheidhmiú polasaithe náisiúnta.
Is i 2006 a tháinig deireadh leis an gcomhaontas "Dul chun Cinn a Bhuanú". Faoi théarmaí an chomhaontais sin níor mhór na méadaithe i dtaca le Pointe Cóimheasa a fhíorú le gealltanais chomhaontaithe agus le bearta solúbthachta. Tugadh Pleananna Gníomhaíochta chun críche agus comhlíonadh gealltanais i 2006. Tugadh chun críche an Comhaontas nua Pá Náisiúnta "I dtreo 2016"; beifear ag leanúint leis an bpróiseas fíoraithe sin i 2007. Bhí an chéad chéim den chomhaontas ceaptha bheith réidh i Nollaig 2006 tar éis cur i gcrích tuarascála ina ndéarnadh achoimre ar an dul chun cinn a bhí déanta faoin gcomhaontú pá a chuaigh roimhe.
Tháinig an Coiste Páirtíochta, ina bhfuil ionadaithe ón mbainistíocht agus ó na ceardchumainn, le chéile ar bhonn míosúil i 2006. Ar na ceisteanna a ardaíodh sa Pháirtíocht bhí ceist an Chórais Forbartha Bhainistiú Feidhmíochta (CFBF).Rothlaíodh an próiseas sin amach agus ba bheag nár tugadh chun críche é faoi cheann 2006. Ní móide go dtabharfaí chun críche é murach an tacaíocht a thug idir ionadaithe ceardchumainn agus oifigigh agus ionadaithe ón mBainistíocht don phróiseas CFBF. Tugadh eolas chun dáta don choiste freisin maidir le Comhpháirtíochtaí Poitéinsiúla Poiblí Príobháideacha.
Ar na tograí a tugadh chun críche i ndiaidh a dtionscnamh ag grúpaí oibre éagsúla bhí:
- Leanúnachas i gcruinnithe trasfheidhmiúla foirne ag an leibhéal áitiúil
- Táirgeadh nuachtlitir na foirne
- Leathanach an Kilkenny People
- Bunú na Deasca Seirbhíse Custaiméara.
- An oscailt ag am lón curtha i bhfeidhm ar fud na heagraíochta
- An tabhairt isteach do chóras svaidhpchárta d'fhonn slándáil laistigh de Halla an Chontae a fheabhsú.
- An tabhairt isteach do leagan teoranta de scéim uaireanta roghnacha oibre comhordaithe le hoscailt ag am lóin.
Ar na tionscadail fiúntacha a tionscnaíodh agus a stiúradh tríd an bpróiseas Páirtíochta tá clár Gnóthachtála .i. clár ina dtéann daoine deonacha ó Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh go dtí scoileanna áitiúla lena gcur ar an eolas faoina bpobal féin agus faoi obair sa saol mór.
Phil Curran agus Siobhan English Oibrithe Deonacha Gnóthachtála Chomhairle Contae Chill Chainnigh in éindí le mic léinn, le múinteoirí agus le haoíonna ón tseirbhís dóiteáin ag searmanas bronnta gradam do mhic léann ó Scoil Náisiúnta Naomh Eoin a chríochnaigh an cúrsa Gnóthachtála Sóisearach i mí na Nollag 2006
Killian Hennessy agus Kieran Howley ó sheirbhís Dóiteáin Chill Chainnigh na "haoinna ónóra" ag searmanas bronnta Teastas Gnóthachtála Sóisearacha do mhic léinn an chéad ranga i mBunscoil Naomh Eoin le roinnt díograiseoirí nua
Leanadh ar aghaidh leis an gclár Sláinte a chur chun cinn san Ionaid Oibre faoi choimirce na páirtíochta. Bhí ceardlanna ar siúl i gceantracha Chaisleán an Chomair, Bhaile mhic Andáin, Rátha Nua agus Bhardas Buirge Chill Chainnigh ar ar fhreastail baill foirne ó aonad eolais Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Tugadh aitheantas ar an leibhéal náisiúnta do thionscadail pháirtíochta ó Chomhairle Contae Chill Chainnigh nuair a chuireadh Tionscadal Píolótach Caomhnaithe Uisce i gCeantar na Cloiche/Chaisleán an Chomair ar an ngearrliosta don bhabhta ceannais náisiúnta i mí na Samhna. Tugadh ardmholadh don tionscadal ag searmanas bronnta gradam ag an gcomhdháil náisiúnta in Áth Luain i mí na Samhna. Tá moladh mór tuillte ag gach duine a ghlac páirt sa Ghrúpa Oibre go háirithe airíoch na scéime, John Coady
Bronnann Ned O’Connor Bainisteoir Contae, Tiobraid Árann Theas agus ball de LANPAG an gradam “Excellence through Partnership” ar Adrian Waldron Éascaitheoir Pháirtíocht an Ionaid Oibre i dtaca leis an Tionscadal Caomhnaithe Uisce.
Moladh tionscadal an staidéir féidearthachta naíolainne a cuireadh ar an ngearrliosta mar cheann de na trí thionscadal neamh-mhaoinithe is fearr a tháinig ó Réigiún an Deiscirt. I ndiaidh láithreoireachta a rinne an grúpa oibre um féidearthacht Naíolainne aontaíodh ar leibhéal na bainistíochta gur chóir áiseanna cúram leanaí a chur san áireamh mar chuid d'aon fhorbairt nua a mbeifí ag suiteáladh mar chuid den áis phláis i Halla an Chontae arna moladh.
Bhí deacrachtaí leis an bpróiseas i 2006 mar gheall air gur tarraingíodh baill an Cheardchumainn SIPTU siar ar feadh roinnt míonna. Ach tar éis cruinnithe i mí Dheireadh Fómhair 2006 de Cheardchumann SIPTU, d'ionadaithe ón bpáirtíocht agus ón mbainistíocht ar thaobh amháin agus de chomhchathaoirligh LANPAG ar an taobh eile, d'fhill na baill ar na coistí éagsúla agus gheall na páirtithe uile go gcloífeadh siad leis na prótacail éagsúla faoi "Láimhseáil Athrú Suntasach trí Phróiseas Páirtíochta" sa chás go dtiocfadh deacrachtaí chun cinn amach anseo.
I ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas i mí Dheireadh Fómhair 2006 tháinig grúpa ó Bhardas Buirge Chill Chainnigh le chéile chun bearta athstruchtúraithe arna moladh le haghaidh 2007 a iniúchadh.
