Kilkenny County Council & Kilkenny Borough Council

In English

AN PLEAN COMHTHÁITE LIMISTÉIR (PCL)

Tá Coiste Faireacháin tras-earnála curtha ar bun ag údaráis áitiúla Chill Chainnigh. Tá an Coiste seo freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéantar leis an PCL a chur i bhfeidhm agus as treoir a chur ar fáil faoin mbealach is féidir an mhoill agus na constaicí a bhaineann lena chur i bhfeidhm a dhíbirt. Glacfaidh an Coiste Faireacháin ról réamhghníomhach ar feadh thréimhse an PLC. Uasmhéid de naoi gcomhaltaí a bheidh sa Choiste faireacháin.
Is é cuspóir an Choiste Faireacháin: monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh chun cuspóirí an PLC a bhaint amach; táscairí feidhmíochta a chur ar bun féachaint an bhfuiltear ag teacht le cuspóirí an PLC agus mar uirlis tagartha chun an dul chun cinn a thomhais; fadhbanna nó constaicí a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus a chuireann moill ar an bpróiseas forfheidhmithe a aithint agus a réiteach dá réir; aghaidh a thabhairt ar athruithe sna cúinsí ó ullmhaíodh an PLC; beart a dhéanamh nuair a thagann deiseanna chun cinn nach rabhthas ag súil leo.

Comhaltaí Coiste an Phlean Limistéir Chomhtháite:


Maidir Linn | Mapa an tSuímh | Polasaí maidir le Príobháid | Déan Teagmháil Linn | ©2005 Kilkenny County Council