Kilkenny County Council & Kilkenny Borough Council

In English

Ráiteas an Bhainisteora


michael MaloneIs cúis áthais domsa bheith bainteach le cur i láthair Thuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae agus Bhardas Buirge Chill Chainnigh don bhliain 2006.
Rinneadh dul chun cinn i mbliana ar fud an Chontae i dtionscadail bhonneagair éagsúla a bhain le gach seirbhís a bhfuil cur síos déanta uirthi sa tuarascáil seo lena n-áirítear bóithre, uisce, séarachas, tithíocht agus imshaol. Tá cuid de na tionscadail sin liostaithe anseo thíos:-

Bunchuspóir i dtaca le Plean Corparáideach Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh 2004-2009 is ea pleanáil agus bainistíocht a dhéanamh ar mhodh inmharthana ar fhorbairt agus ar úsáid na n-acmhainní ábhartha ar mhaithe leis an dul chun cinn fadtéarmach eacnamúil, sóisialta agus cultúrtha is leas do chách. Is cuid lárnach den chuspóir sin Plean Forbartha Contae atá cuimsitheach agus gníomhach. Tá tús curtha le hathbhreithniú an phlean reatha, ag tosú leis na comhairliúcháin phoiblí i ngach ceann de na Toghcheantair i 2006. I mí na Nollag 2006 tugadh tuarascáil bhainistíochta ar na comhairliúcháin phoiblí chun críche. Is iad na comhairliúcháin phoiblí sin an chéad chéim i bhfoirmliú Phlean Forbartha an Chontae 2008/2014. Beidh Plean Forbartha na Cathrach agus an Chontae maille leis na pleananna éagsúla limistéir áitiúil mar fhoras ag pleanáil straitéiseach Chathair agus Chontae Chill Chainnigh.
Straitéis tacaíochta eile sa Phlean Corparáideach is ea obair i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara tábhachtacha eile agus pleananna agus cláir éagsúla a chomhaontú agus a chur i bhfeidhm. Bíonn Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh ag obair i gcomhar lena bpáirtithe i mBord Forbartha an Chontae ar bhonn leanúnach. I rith na bliana 2006 chuathas go dian i mbun obair forbartha ar fhostruchtúir chun na 9 ngníomh arna gcomhaontú in athbhreithniú méantéarma Straitéis an Chontae 2002 – 2012 a sheachadadh.
Is é an phríomhaidhm atá againn an réigiún a chur chun cinn ar mhaithe le saoránaigh uile an Oirdheiscirt. Tá ról tábhachtach ag Comhairle Contae Chill Chainnigh maidir leis an aidhm sin .i. Ceantar Belview a chur ar aghaidh mar láithreán tábhachtach le haghaidh Tionscail Straitéisigh i Réigiún an Oirdheiscirt. Is iad Comhairle Contae Cheatharlach agus Comhairle Contae Chill Chainnigh ag obair i gcomhar lena chéile a thug chun críche i 2006 Staidéar Forbartha agus Eacnamúil Ghráig na Manach/Tinnahinch, rud a thugann suntas don chomhoibriú traschontae.
At déanamh freastal ar an dá Phobal mar aon aonad amháin agus ar an gcustaiméir aonair, sin bunghné d'obair Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh. Ar na bearta a rinneadh i 2006 bhí:-

Ba mhaith liom a rá gur mór agam dúthracht agus coimitmint Mheitheal Bhainistíochta agus Fhoireann Údarás Áitiúil Chill Chainnigh agus an obair crua atá déanta ag na Comhaltaí Tofa. Is mian liom go háirithe mo bhuíochas a ghabháil le m'iar-chomhghleacaithe Tom Gunning a d'éirigh as mar Stiúrthóir Seirbhísí Bóithre agus Sláintíochta i mí Mheán Fómhair 2006. Rinne an tUasal Gunning maille le baill foirne eile a d'éirigh as le gairid fóntas fíorluachmhar d'Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh leis na blianta fada.
Is mian liom an Cathaoirleach an Comhairleoir Billy Ireland a mholadh go háirithe maille leis an iarChathaoirleach an Comhairleoir Maurice Shortall agus Méara Chill Chainnigh an Comhairleoir Martin Brett agus an tIarmhéara an Comhairleoir Marie Fitzpatrick as a gcoimitmint agus a ndúthracht i dtaca le cur chun cinn an Chontae agus na Cathrach. Is mian liom freisin mo bhuíochas a ghabháil leis na Cathaoirligh agus le Comhaltaí gach ceann de na Coistí Polasaí Straitéisigh agus le gach ceann de na Coistí Ceantair as an sárobair atá déanta ag na grúpaí sin i rith na bliana.
Creidim go léifidh muintir Chill Chainnigh i bhfad agus i gcéin an tuarascáil bhliantúil seo agus go dtabharfaidh sí forléargas dóibh ar réimse leathan na ngníomhaíochtaí a bhfuil na húdaráis áitiúla a thabhairt fúthu. Bheinn dóchasach go dtabharfadh sé léargas dóibh ar na dúshláin a bhfuil an Rialtas Áitiúil ag tabhairt aghaidh orthu sa lá atá inniu ann agus tuiscint faoin gcaoi a bhfuilimid .i. Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin.
M.Malone, Bainisteoir Contae.

Maidir Linn | Mapa an tSuímh | Polasaí maidir le Príobháid | Déan Teagmháil Linn | ©2005 Kilkenny County Council