maidir linn

Tá formhór na dtráchtairí aontaithe faoi gurbh é an tAcht Rialtais Áitiúil, 1898 a chuir tús leis an gcóras Rialtais Áitiúil atá againn sa lá atá inniu ann.
Cé gur reachtaíodh an tAcht i mí Lúnasa 1898 níor reachtáladh na chéad toghcháin i gCill Chainnigh go dtí 6 Aibreán 1899. I miontuairiscí na Comhairle a rinneadh ina dhiaidh sin tá tagairt déanta do bhille £1,268 mar chostas na dtoghchán agus de réir na dtuairiscí uile níor tharla aon rud as an ngnáth ar fiú trácht air le linn na toghchán.

Ba i dTeach na Cúirte, Cill Chainnigh ar an Sathairn 22 Aibreán 1899 a tionóladh an chéad chruinniú de Chomhairle Contae Chill Chainnigh. Sa chéad rún a ritheadh cuireadh an t-éileamh ar Rialtas Dúchais in iúl.
Ag an am sin bhí i bhfad níos lú dualgas ag an gComhairle ná mar atá anois. Ba iad na Comhairlí Ceantar Tuaithe a bhí freagrach as tithíocht, sláintíocht agus bóithre áitiúla ina limistéir féin agus sa ról a bhí acu mar Bhoird caomhnóirí bhí siad freagrach as an rud a dtugaimid seirbhísí sláinte air sa lá atá inniu ann.
D'fhág sin gur faoi chúram na Comhairle Contae a bhí cúrsaí airgeadais, ceapacháin na gcoistí éagsúla, obair chothabhála ar thithe na Cuairte agus mionseirbhísí a leithéid sampláil bia agus drugaí, gortuithe mailíseacha agus mionseirbhísí eile. Is i rith na seascaidí den fichiú aois a tháinig réimse nua seirbhísí faoi bhrat na Comhairle - leabharlann, lucht múchta tine, seirbhísí gairmiúla agus talmhaíochta, saincheisteanna tráchtála agus tionsclaíocha agus boird chaladhphoirt.
Is i 1970 a saolaíodh an Bord Sláinte rud a bhain de Chomhairle Contae Chill Chainnigh cúram na seirbhísí sin. Ba í Cathair Chill Chainnigh a roghnaíodh mar áit lonnaithe Bhord Sláinte an Oirdheiscirt; breathnaíodh ar an rogha sin mar éacht déanta.
Sna 1970óidí thosaigh daoine ag díriú a n-aird ar an timpeallacht. Bunáite na ngníomhaíochtaí a ndeachaigh an Chomhairle ina mbun ó thaobh na timpeallachta de is de bharr reachtaíocht a ritheadh sna 30 bliain atá caite go háirithe an tAcht um Thruailliú Uisce 1977 agus an tAcht um Thruailliú Aeir, 1987 a rinneadh iad.
Tá fairsingiú curtha leis an gcúram Timpeallachta le blianta beaga anuas agus tá ról lárnach anois glactha chuici féin ag an gComhairle chun taitneamhachtaí, páirceanna agus gníomhaíochtaí fóillíochta a sholáthar.
I 1989 cheap an Chomhairle Oifigeach Ealaíon. De thoradh bhunaithe an phoist sin reachtáladh go leor imeachtaí ealaíonta áitiúla.
Timpeall an ama sin tosaíodh ar roinnt seirbhísí a phríobháidiú (a leithéid bailiúchán bruscair) agus bhí sin ina threocht amach ansin agus tá gach uile chosúlacht ar an scéal go leanfaidh sé le bheith amhlaidh.
I 2000 mar chuid de thionscnamh rialtais ar a dtugtar "Better Local Government - A Programme for Change", a bhfuil sé d'aidhm aige go mbeadh cumhacht na n-údarás áitiúla ó thaobh cinneadh a dhéanamh curtha ar ais ag an leibhéal áitiúil arís, tugadh isteach struchtúr nua i gComhairle Contae Chill Chainnigh.
Cuimsíonn an struchtúr nua sin cúig Choiste Polasaí Straitéiseacha.
Beidh ról an-tábhachtach ag na Coistí Polasaí Straitéisigh nó CPSanna mar is fearr aithne orthu i bhfeidhm Chomhairle Contae Chill Chainnigh ó thaobh cinneadh a dhéanamh. Déanann earnálacha Chill Chainnigh uile ionadaíocht go forleathan ar gach CPS agus castálfar ar a chéile na CPSanna chun a n-ionchur féin a chur i bhfoirmliú, i bhforbairt agus in athbhreithniú polasaithe taobh istigh de Chomhairle Contae Chill Chainnigh. Ciallaíonn sin go mbeidh a gcion féin á chur isteach acu ag réimse pháirtithe leasmhara áitiúla i bhfad níos leithne sna cinntí a dhéanann Comhairle Contae Chill Chainnigh.
Faoi láthair tá gníomhartha na Comhairle ag leathnú amach agus ag fairsingiú ar bhonn leanúnach céim ar chéim le fás agus le héabhlóid na tíre.
Admháil: Fuarthas an t-eolas thuas le haghaidh na rannóige staire ó "Kilkenny County Council, a Century of Local Government", le Tom Boyle.


Related Links:


Print Bookmark