SAORÁIL FAISNÉISE:

SAORÁIL FAISNÉISE:

Suíonn an tAcht um Shaoráil Faisnéise trí cheart nua reachtúla:
- Cead faoin dlí ag gach duine rochtain a fháil ar fhaisnéis atá coinnithe ag comhlacht poiblí:
- Cead faoin dlí ag gach duine faisnéis oifigiúil a bhaineann leis nó léi a fháil leasaithe nuair atá sí neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
- Cead faoin dlí na cúiseanna le breitheanna a dhéanann difear don duine féin a fháil.
- Dearbhaíonn an tAcht seo cearta bhaill an phobail rochtain a fháil ar fhaisnéis oifigiúil an oiread agus is féidir i gcomhréir le leas an pobail agus le ceart chun príobháideachta an duine aonair.
- Treoirlínte eisithe ag Comhairle Contae Chill Chainnigh agus ag Bardas Buirge Chill Chainnigh maidir leis an Acht um Shaoráil Faisnéise (Formáid PDF)
Breis Fhoilseachán Cill Chainnigh - Achtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997-2003

Leabhar Tagartha Alt 15 Treoir d'fheidhmeanna agus do Thaifid Chomhairle Contae Chill Chainnigh

Leabhar Tagartha Alt 15 (0.5 MB Formáid PDF)

Leabhar Tagartha Alt 16

Leabhar Tagartha Alt 16 (0.6 MB Formáid PDF)

Nóta:- Ba chóir an Leabhar Tagartha Alt 16 a léamh in éindí leis an Leabhar Tagartha Alt 15 atá ullmhaithe faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
1. Tá uasdátú déanta ag an nGrúpa Clár oidhreachta agus áitiúla ar an Leabhar Tagartha i dtaca le hImlitreacha RCORA (Roinn Comhshaol, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil) suas go dtí 31/08/04 etc. atá faighte ag an gChomhairle
2. Tá liosta d'imlitreacha míosúla RCORA ar fáil ó Oifigeach SF (Saoráil Faisnéise) na Comhairle ar iarratas. Is féidir breathnú ar shonraí na n-Imlitreacha sin ar shuíomh idirlín RCORA ag www.environ.ie.
3. Is féidir cóipeanna de na hAchtanna/Rialacháin liostáilte a cheannach ó Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais.
4. Tá leabhar tagartha Alt/16 cosúil leis sin ullmhaithe i leith Bardas Buirge Chill Chainnigh agus tá sé ar fáil do té is mian leis/léi a iniúchadh ag Halla na Cathrach, Cill Chainnigh (Teil. 056 -7794000). Is féidir ceist ar bith (056-7794077) a bhaineann leis an Acht um Shaoráil Faisnéise a chur faoi bhráid an Oifigigh um Shaoráil Faisnéise ag Halla na Cathrach, Cill Chainnigh (056-7794077).
Le breathnú ar na doiciméid seo ní mór duit Acrobat Reader a bheith suiteáilte ar do ríomhaire.
Is pacáiste saor in aisce Acrobat Reader.

Kilkenny Promotion Logo
Kilkenny slogan: Come See Come Do