Plean um Shábháilteacht ar Bhóithre Chill Chainnigh 2013-2020

Tá forbairt ar bun ag Údaráis Áitiúla, i gcomhar leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, an Garda Síochána agus na Seirbhísí Dóiteáin agus Otharchairr ar Phlean um Shábháilteacht ar Bhóithre don tréimhse idir 2013 agus 2020. Leanann seo na torthaí rathúla a baineadh amach le Plean um Shábháilteacht ar Bhóithre Chill Chainnigh 2007-2012.

Is é bunchuspóir ár bpróisis Phleanála um Shábháilteacht ar Bhóithre na caighdeáin inchleachtaithe is fearr de Shábháilteacht ar Bhóithre a chinntiú i gCill Chainnigh faoi theidil na hInnealtóireachta, an Oideachais agus an Fhorfheidhmithe.

Is mian le hÚdaráis Áitiúla Chill Chainnigh anois fáiltiú roimh aighneachtaí ó pháirtí leasmhar ar bith maidir le hábhar an Phlean um Shábháilteacht ar Bhóithre nua. Chun teacht ar fhaisnéis faoi, tá Plean um Shábháilteacht ar Bhóithre Chill Chainnigh 2007-2012 ar fáil ar láithreán gréasáin Chomhairle Contae Chill Chainnigh faoi 'Bóithre/Dearadh'.

Ba cheart aighneachtaí a sheoladh chuig an Oifigeach um Shábháilteacht ar Bhóithre, Gnóthaí Corparáideacha, Comhairle Contae Chill Chainnigh, Halla an Chontae, Sráid Eoin, Cill Chainnigh nó iad a sheoladh ar ríomhphost chuig hugh.hunter@kilkennycoco.ie.

Ní féidir glacadh le haighneachtaí tar éis 5.00pm Dé hAoine an 16 Lúnasa 2013.

 

John Mulholland,
Stiúrthóir Seirbhísí.

Kilkenny Promotion Logo
Kilkenny slogan: Come See Come Do