Leathanach Baile Chóras Faisnéise Geografaí

Leathanach Baile Chóras Faisnéise Geografaí

Chomhairle Contae Chill Chainnigh

Feidhmchlár digiteach mapála fíor-mhionsonraithe a cheadaíonn do bhaill an phobail an contae a chuardach ar bhonn ábhar móra geografacha is ea MyXY GIS atá in úsáid ag Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh. Folaíonn na hábhair sin:

1. Pleanáil - Iarratais Phleanála, Criosuithe
2. Timpeallacht - Screamhuisce, Geolaíocht, Cineálacha Ithreach, Freagairtí Screamhuisce
3. Teorainneacha Riaracháin - Baile Fearann, Toghroinn, Ceantar Vótála

Is beacht an smaoineamh é. Féadfaidh duine a theach cónaithe a aimsiú ar an mapa, cliceáil air ansin agus an t-eolas maidir leis an teach a bhailiú isteach de réir liosta na n-ábhar thuas. Is féidir úsáid a bhaint as an bhfeidhmchlár chun ainm iarratasóra ar chead pleanála agus uimhreacha i leith iarratas pleanála a chuardach agus chun na suímh a bhfuil suim agat iontu ó thaobh pleanála a aimsiú ar an mapa.

Beidh go leor custaiméirí ag baint áis as an bhfeidhmchlár. Féadfaidh mic léinn a bhíonn ag iarraidh rudaí a fhoghlaim faoina limistéar úsáid a bhaint as mar uirlis oideachais. Daoine a bhfuil sé de rún acu iarratas pleanála a chur isteach is féidir leo úsáid a bhaint as na sonraí éagsúla chun an t-iarratas a chur i dtoll a chéile. Rachaidh na sonraí chun tairbhe ailtirí agus pleanálaithe príobháideacha. In áit a bheith ag glaoch ar Halla na Cathrach féadfaidh na daoine sin dul ar an Idirlín agus gach saghas eolais gheografaigh faoi Chontae Chill Chainnigh a fháil ina gcuid teach nó ina gcuid oifigí.

Baineann roghanna éagsúla maidir le nascleanúint agus le cuardach leis an bhfeidhmchlár. Mínítear gach ceann acu go mion sa doiciméad cabhrach seo. Ní gá duit an fheidhm a fhoghlaim i gceart ach an t-aon uair amháin; as sin amach is ionann í gach uair a bhainfidh tú úsáid as.

Níl aon rud le híosluchtáil nó aon bhreiseán ag teastáil chun breathnú ar na mapaí seo. Is féidir na mapaí uile a thaispeáint in Internet Explorer, i Netscape agus i Firefox. Is mar seo a leanas ba chóir an t-am freagartha a bheith chun an t-iarratas agus na mapaí faoi leith a luchtú laistigh den fheidhmchlár:

Luas an Cheangail

Luchtú an Iarratais Tosaigh

Luchtú Mapaí Faoi Leith

Banda Leathan5 - 10 Soicind3 - 5 Soicind
Diailnasc / Móideam 56k40 -60 Soicind7 - 12 Soicind


Má bhíonn moill neamhghnách a mhaireann thar na hamanna sin ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil le gisqueries@kilkennycoco.ie. Cuir in iúl le do thoil garfhad na moille a bhaineann le gach athluchtáil mhapa.


Kilkenny Promotion Logo
Kilkenny slogan: Come See Come Do