Na hEalaíona

Leathanach Baile Oifig na n-Ealaíon

Ar dtús ba mhaith liom mé féin a chur in aithne díbh; is mise Mary Butler, Oifigeach Ealaíon. Ghlac mé leis an bpost seo i Lúnasa 2002, dhá lá sular cuireadh tús le Féile Ealaíne Chill Chainnigh agus tabhair gluaiseacht nua uirthi mar fhéile mar chuir sí tús nua le saol na n-Ealaíon i gCill Chainnigh.
Is de bhunadh Chill Chainnigh mé cé nach raibh cónaí orm inti ar feadh na gcúig bliana déag atá thart. Is ealaíontóir gníomhach mé féin agus bhí baint agam le riarachán na n-ealaíon le roinnt blianta.
Sa dearcadh atá agam ar ról Oifig na n-Ealaíon cuimsítear an iliomad rud lena n-áirítear:

  • gníomhaíocht ealaíonta a chur chun cinn agus a chomhordú laistigh den Chathair agus den Chontae
  • soláthar comhréireach ealaíon agus cultúir a chinntiú trí ealaíona áitiúla a spreagadh agus trí ealaíona taistil a chur chun cinn.
  • spleodar i leith na n-ealaíon a chothú agus a spreagadh trína gcur chun cinn mar ghníomhaíocht fhiúntach agus dearfach do chách
  • comhairle, cúnamh agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine, do ghrúpaí agus d'eagraíochtaí
  • na healaíona a chur i láthair mar ghairm bheatha réadúil don duine
  • an rannpháirteachas a leathnú agus a shaibhriú i measc an lucht éisteachta agus i measc siúd a bhíonn go díreach bainteach leis na himeachtaí
  • daoine seachtracha a tharraingt isteach san obair leis na healaíona agus na pobail áitiúla a thabhairt níos gaire dá chéile
  • na healaíona a choinneáil go hard ar thráthchlár oibre an duine
    Tá an Oifig na n-Ealaíon suite ag:
    72 Sráid Sheáin, Cill Chainnigh
    T: 056 7794138
    E: mary.butler@kilkennycoco.ie
    Níl anseo ach iarracht Oifig na n-Ealaíon a chur in aithne díbh i roinnt bheag focal; coinnigí súil ar an spás seo le haghaidh nuachta amach anseo, le haghaidh deiseanna d'ealaíontóirí, eolas faoi airgeadú, imeachtaí, taispeántasis etc. mary.butler@kilkennycoco.ie

Kilkenny Promotion Logo
Kilkenny slogan: Come See Come Do