Fáilte chuig Rannóg Phleanála an tSuímh Idirlín seo

Is é príomh chuspóir na Rannóige Pleanála, ag teacht le polasaithe náisiúnta, freastal do chur chun cinn an chontae, fás inbhuanaithe a spreagadh agus feabhas a chur ar chaighdeán maireachtála agus ar an timpeallacht ar mhaithe le saoránaigh an chontae agus le cuairteoirí.
Dá bharr sin is é seo a leanas ról agus feidhm na Rannóige Pleanála:
1) An polasaí pleanála fisiciúil le haghaidh an chontae a chinneadh:
2) Stiúir a choinneáil ar fhorbairt agus ar fhoirgnimh nua.
3) Forbairt tionsclaíoch, tráchtála agus forbairt fóirsteanach eile a chur chun cinn.

Is ag Halla an Chontae, Sráid Sheáin, Cill Chainnigh ar an gcéad urlár atá an Oifig Phleanála lonnaithe. Tá an oifig oscailte don phobal ó Luan go hAoine idir 9.00 r.n. agus 4.00 i.n. agus fanann sí oscailte i rith am lóin. Déan teagmháil leis an oifig ar an bhfón ag 056 7794010 nó trí ríomhphost a sheoladh chugainn ag .

Kilkenny Promotion Logo
Kilkenny slogan: Come See Come Do